Gaelscéal imithe - Cén tionchar d'iriseoireacht na Gaeilge?

Gaelscéal imithe - Cén tionchar d'iriseoireacht na Gaeilge?

Tá críoch curtha le nuachtán eile Gaeilge agus eagrán deireanach Gaelscéal imithe chuig na siopaí inniu.

I Lios na gCearrbhach le déanaí bhuail Feidhmeannaigh Shinsearacha de chuid Fhoras na Gaeilge le Coiste na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta faoina gcinneadh deireadh a chur le maoiniú an nuachtáin.

Cheistigh Meon Eile Príomhfheidhmeannach an Fhorais agus lucht feastail an chruinnithe faoin chinneadh agus faoi na himpleachtaí d’iriseoireacht na Gaeilge…

Gaelscéal

I 2009 bronnadh conradh ceithre bliana ar an chomhlacht Torann na dTonn ar luach €1.6 milliún le nuachtán seachtainiúil a sholáthar do phobal na Gaeilge. Cuireadh céad chóip an nuachtán i gcló 26 Márta 2010. Dhá bhliain, 11 mí agus aon lá amháin a mhair Gaelscéal.

D’ardaigh Bord Fhoras na Gaeilge ceist faoi dhíolachán an nuachtáin i 2010. Rinneadh sraith de chruinnithe a reáchtáil idir Coiste na Nuachtáin agus na nIrisí de chuid Fhoras na Gaeilge agus Stiúrthóirí Torann an dTonn idir Nollaig 2010 agus Eanáir 2013.

Rinneadh moltaí faoi na bealaí éagsúla go bhféadfaí dáiliúchán an nuachtáin a fheabhsú (forlíonadh le nuachtáin réigiúnacha agus margaíocht ag imeachtaí Gaeilge ina measc).

Dúirt Foras na Gaeilge gur cuireadh na moltaí i gcrích ach nár fheabhsaigh díolachán an nuachtáin. Fógraíodh 23 Eanáir i mbliana go raibh deireadh i ndán do Gaelscéal, cé go raibh breis is bliain fágtha ar a gconradh.

Le linn an chruinnithe i Lios na gCearrbhach, d’fhiafraigh Dominic Ó Brolacháin ón SDLP ar Fhoras na Gaeilge an ndeachaigh siad i gcomhairle le hAirí Stáit Thuaisceart Éireann nó Airí Stát Dháil Éireann sular chinn siad críoch a chur le Gaelscéal.

Dheimhnigh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailí, nach ndeachaigh Bord an Fhorais i gcomhairle le hAirí Stáit ó thuaidh ná ó dheas toisc nach raibh sé de dhualgas orthu é a dhéanamh.

Cheistigh William Humphries, DUP, Feidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge faoin tslí go ndearna siad an conradh a láimhseáil, ‘’I think we oversaw it properly,’’ a dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.

Lean an tUasal Humphries a cheistiú, “Cén sórt aiseolais a bhí faighte ón phobal?” D’fhreagair an tUasal Mac an Fhailí, “Community reaction was more muted than we expected.”

Dúirt Foras na Gaeilge nach raibh siad ag fáil luach a gcuid airgid leis an chonradh, “Mhothaigh an bord go raibh sé tábhachtach do stádas na teanga go mbeadh nuachtán Gaeilge ann ach níor shamhlaigh muid go mbeadh an díolachán chomh híseal,” arsa an tUasal Mac an Fhailí.

Thug an Forais na figiúirí díolacháin thíos do Choiste na Roinne Cultúr Ealaíon agus Fóillíochta. (Cruinniú 21.2.13)

Díolacháin tuartha – reatha

2010 6,413 1,300

2011 8,500 1,500

2012 9,000 1,300

Agus é ag caint ar 7 Lá TG4 tar éis dó cluinstin go raibh deireadh ag teacht le Gaelscéal, dúirt Eagarthóir an nuachtáin, Ciarán Dunbar, nach raibh figiúirí díolacháin an Fhorais cruinn.

“An figiúr sin atá á chur amach i rith an ama ag Foras na Gaeilge, tá sé míchruinn, tá sé míbheacht, tá sé mí-ionraic agus tá sé thar a bheith maslach. Char chuir siadsan cóipeanna crua san áireamh, níor chuir siadsan na síntiúis san áireamh. I 2012, (dhíol muid) 2,378 cóipeanna crua sa tseachtain.”

Lean an tUasal Dunbar, “Tá siad ag caint faoi fhigiúirí ar líne agus an todhchaí ar líne, cén fáth mar sin nár chuir siadsan é sin san áireamh? Rinne siad a bheag de na léitheoirí sin, nuair a chuireann tú na figiúirí le chéile tá 3,978 ann. Thiocfaidh leis a bheith níos fear, sin 4,000 duine ar a laghad. Nuair atá muid ag meas léitheoireachta i gcás páipéir nuachta thiocfaidh linn a rá gur 8,000 atá ann.”

Deir Foras na Gaeilge go n-aithníonn siad go bhfuil gá le seirbhís nuachta do phobal na Gaeilge agus gurb é struchtúr na seirbhíse seo an chéad chéim eile os a gcomhair. Cuirfidh siad tús le suirbhé le tomhas a dhéanamh ar an saghas seirbhís nuachta a theastaíonn ó phobal na Gaeilge i mí an Mhárta. Déanfar straitéis a chur le chéile bunaithe ar thorthaí an tsuirbhé, dar leo.

Cé gur scéal é seo nach bhfuil tagtha aniar aduaidh ar phobal na Gaeilge don chéad uair, is ceist níos leithne í an titim atá tagtha ar dhíolachán nuachtán agus rath na meán digiteach ag dul ó neart.

Lá brónach atá ann dom féin go pearsanta. Ba i gcéad eagrán Gaelscéal i Márta 2010 a d’fhoilsigh mé féin mo chéad alt iriseoireachta ‘300 Post i mbaol i Dhún na nGall’.

Bhí mé i mbliain dheireanach na bunchéime nuair a d’iarr Eagarthóir Gaelscéal Ciarán Dunbar orm ábhar a sholáthar as Tír Chonaill. Deis iontach ab ea é. Chuir Gaelscéal ardán ar fáil d’iriseoirí na Gaeilge ó gach casadh den saol.

Tá mórtas aigne agus mórtas pobail le bráth agus tú ag léamh d’fhocail féin agus do theanga dhúcháis ar pháipéar clóite, dar liom. Ní fios cén toradh a bheidh ar shuirbhé an Fhorais nó dearcadh na nGael ina léith.

Ach tá nath cainte againn ann sa bhaile. D’imigh sin agus tháinig seo…

Close
Close