Gaelcholáiste Dhoire oscailte

Lá stairiúil a bhí ann ag Caisleán Dhún Geimhin inné le hoscailt Gaelcholáiste Dhoire. Tá an mheánscoil úrnua seo ar an dara ceann saor scartha sna sé chontae i ndiaidh Choláiste Feirste.

Ceathrar déag dalta ó chontaetha Dhoire agus Aontroma a shiúil thar thairseach na scoile. Tá súil ag Bord Gobharnóirí na scoile go mbeidh suas le dhá scór cláraithe faoin bhliain seo chugainn. Cúig bhunscoil atá lonnaithe sa cheantar maguaird.

Cheadaigh an Roinn Oideachais moladh forbartha na scoile um Nollaig seo caite, rud a d’fhág naoi mí ag an choiste bainistíochta dlús a chur faoi bhunú an Ghaelcholáiste.

Ghabh Príomhoide na scoile, Diarmaid Ua Bruadair, buíochas leis an phobal as a dtacaíocht ina chuid cainte inné agus thug sé le fios go mbeidh gach ábhar atá ar an churaclam á chur ar fáil do na daltaí nua.

“Tá muid ag leagan síos na bunchlocha do scoil i bhfad níos mó agus tá muid ag cur struchtúir in áit a bheas ábalta freastal ar an éileamh sna blianta amach romhainn,” arsa Ua Bruadair ar Bharrscéalta RTÉ RnaG.

Bhí Meon Eile i measc na cuideachta inné nuair a fosclaíodh an scoil. Labhair muid le bunaitheoirí, múinteoirí agus dáltaí faoin aistear a bhí rompu agus a gcuid mianta don todhchaí…

Gaelcholáiste Dhoire oscailte
Close
Close