Gaeilgeoirí ag cur i gcoinne polasaí sráidainmneacha i mBéal Feirste

Gaeilgeoirí ag cur i gcoinne polasaí sráidainmneacha i mBéal Feirste

Tá Gaeilgeoirí i gCéide Bhaile Uí Mhurchú i mBéal Feirste ag diúltiú páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán faoi chomharthaíocht dhátheangach sráide mar chomartha míshástachta leis an Chomhairle Cathrach.

Tá comhairliúchán faoi sheol ag an Chomhairle faoi lathair ag fiosrú spéise sa cheantar i leith chomharthaíocht dhátheangach.

Deir Conchur Ó Muadaigh, arb as Céide Bhaile Uí Mhurchú é, gur theip ar iarrachtaí éagsúla sa phobal ó 2013 leis an shráidainm datheangach á chur in áit. “Ní bheidh muidine ag glacadh páirte sa phróiseas seo… cad is fiú próiseas atá lochtach a dhaingniú?”

In 2013 léirigh móramh na gcónaitheoirí sráide ansin a dtacaíocht don chomharthaíocht dhátheangach Gaeilge – Béarla ach diúltaíodh lena n-iarratas.

Vótáil 52 as 92 cónaitheoirí (57%) ar son; níor chaith 39 duine (42%) vóta agus bhí aon duine amháín (1%) ina choinne.

De réir pholasaí na Comhairle is gá tacaíocht dhá thrian de chonaitheoirí uile na sráide ionas go gceadaítear comharthaíocht dhátheangach.

“Ní amháin go deir Comhairle Cathrach Bhéal Feirste go bhfuil ar dhá thrian de dhaoine a bheith ar son na comharthaíochta. Ach mura bhfaigheann siad freagair ó dhuine deir siad go bhfuil an duine sin ina éadan,” arsa Janet Muller ó POBAL.

I ndiaidh an diúltaithe in 2013, thug Eileen Reid dúshlán ardchúirte i gcoinne na Comhairle. Rialaigh an Breitheamh nach raibh sé chun an polasaí comharthaíochta a athrú ach go raibh cumhachtaí ar leith faoi chomhairleoirí tofa leis an pholasaí a athrú.

Roinnt seachtainí ó shin, chuir an Comhairleoir Cathrach, Stephen Corr, rún chun tosaigh go gceadófar sráidainm dátheangach i gCéide Bhaile Uí Mhurcú.

Cailleadh an vóta 26-24. Vótáil comhairleoirí Shinn Féin agus SDLP ar son; vótáil na páirtíthe aontachtaithe agus Emmet McDonough-Brown as páirtí na Comhghuallaíochta ina choinne.

I ndiaidh an vóta, chinn an Chomhairle Cathrach an rún a chur chuig an phobal in athuair agus cuireadh tús leis an chomhairliúchán.

Maíonn Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge go bhfuil sé “thar a bheith deacair gabháil ar ais chuig na daoine céanna arís agus arís eile ag iarraidh orthu an rud céanna a dhéanamh gan aon tairbhe leis an obair sin a fheiceáil.”

Deir Niall Ó Donnghaile, Comhairleoir Cathrach Shinn Féin, go bhfuil iarrachtaí déanta leis an pholasaí a athrú ach go n-aithníonn sé go bhfuil suirbhé curtha amach.

“Tá na litreacha i gCéide Bhaile Uí Mhurchú cé go bhfuil a fhios againn cén toradh a bheas ag teacht uaidh sin.

“An rud atá muid ag iarraidh faoi láthair ná go mbeidh polasaí sráidainmneacha mar an gcéanna le fórmhór na bpolasaithe eile sna sé chontae; ma bhaineann tú 50% den vóta amach, ba cheart sin a aithint agus meas a léiriú dó sin,” arsa Ó Donnghaile.

Céide Bhaile Uí Mhurchú
Close
Close