G8 i bhFear Manach - Ráflaí agus oidhreacht

G8 i bhFear Manach - Ráflaí agus oidhreacht
G8, Fear Manach
G8, Fear Manach

Séamas Mac Annaidh

D’fhéadfaí leabhar a líonadh leis na scéaltaí áiféiseacha agus leis na ráflaí uilig atá ag gabháil thart anseo i bhFear Manach agus muid ag druidim le tús an G8.

Deirtear, mar shampla, go mbeidh Vladimir Putin ag stopadh i long cogaidh i mBá Dhún na nGall, go bhfuil buncar sábháilte á ullmhú fá choinne na gceannairí go domhain sna hUaimheanna ag an Áirse Mhamair, agus go ndéanfar polasaíthe idirnáisiúnta a shocrú ar thorthaí chluíchí gailfe.

Anois, bíodh is go bhfuil greann agus áiféis ag baint leis na scéalta seo ní hionann sin is a rá nach dtugann siad rud éigin tábhachtach le fios dúinn.

Dhá rud, i ndáiríre.

Gur fágadh muintir na háite in aineolas fá na socruithe.

Agus níos measa fós, gur beag an tuiscint atá ag an ghnáthdhuine ar thábhacht an ghrúpa G8 féin.

‘Cad é an t-ábhar cainte a bhéas acu ar aon chuma?’ a fhiafraíonn daoine dá chéile. Ceist mhaith.

A oiread le cruinniú mullaigh ar bith eile is dócha go bhfuil an bhunobair déanta ag na státshéirbhísigh agus an lucht táidhleoireachta roimh réidh. Beidh na conraithe scríofa. Beidh na hábhair pléite go mion is go minic cheana féin.

Nó cé mhéid oibre gur féidir leo a dhéanamh i gcúpla lá ar aon chuma?

Is beag an baol mar sin go gcuirfí ábhair nua ar chlár na comhdhála ag an phointe seo.

Bíodh go bhfuil aghaidh Edward Snowden le feiceáil ar leathanaigh tosaigh nuachtán ar fud an domhain is beag seans go ndéanfar aon trácht ar chóras PRISM le linn imeachtaí oifigiúla na comhdhála.

Seans go mbeidh trácht éigin ar éigeandáil na Siría, ó tharla go bhfuil sé ag gabháil ar aghaidh chomh fada is atá sé, ach foram eacnamaíochta atá anseo i ndáiríre.

Ba bhreá dá ndéanfaí socrú éigin le gabháil i ngleic leis an bhochtanas, leis an ocras sa triú domhain, le cearta daonna i dtíortha éagsúla ach is baolach go bhfágfar na ceisteanna sin in áit na leathphighine.

Nó ní cruinniú de chuid na Náisiún Aontaithe é seo. Seo ceannairí na n-eacnamaíochtaí is mó ar an domhain ag teacht le chéile in ostán galánta le cúrsaí airgid s’acu féin a phlé.

Ach a oiread leis na siopaí bréagacha ar phríomhsráid Inis Ceithleann tá imir den bhréag agus den chur-i-gcéill ag baint leis an chomhdháil seo chomh maith.

Nó tá athruithe móra tagtha ar eacnamaíocht an domhan le deich mbliain anuas. Tá an Ind agus an tSín ag gabháil ó neart go neart agus tá an tIodáil agus an Bhreatain, gan ach beirt a lua, ag titim siar.

Beidh cosa eile faoin tábla an chéad uair eile.

Níl aon amhras áfach ach go bhfuil Fear Manach ar an léarscáil idirnáisiúnta anois. Bhí Bill Clinton anseo cheana féin, bhí Banríon Shasana anseo anuraidh, cá bhfios nach mbeidh an Pápa again ar an bhliain seo chugainn!

Bhí réaltaí mar Colin Farrell, David Walliams agus David Soul ag obair anseo ar na mallaibh. Ní rún é Fear Manach a thuilleadh agus sin dea-scéal.

Bhí aisling ag Jim Treacy, an té a thóg Ostán Loch Éirne, go mbeadh ócáidí idirnáisiúnta spóirt agus ciomhdhálacha mhóra ar siúil ann. Tá an tuar tagtha faoin tairngreacht s’aige agus is cinnte go mbeidh ócáidí móra eile ann.

Bíodh is nár dhóiche go bhfeicfimid a leithéid is an G8 arís i bhFear Manach go ceann i bhfad.

Ach beidh cuimhne anseo ar feadh i bhfad ar 2013, bliain an G8.

Close
Close