Féile Píobaireachta William Kennedy fiche bliain ag fás

Féile Píobaireachta William Kennedy fiche bliain ag fás

Reáchtáladh an fichiú Féile Píobaireachta William Kennedy i gcathair Ard Mhacha le déanaí in ómós an phíobaire chlúitigh a d’éag sa 19ú aois.

Le scór bliain tá píobadóirí ó fud an domhain mhór ag tabhairt aghaidhe ar Ard Mhacha don fhéile seo.

D’fhreastail Meon Eile ar Lá na Méanscoileanna nuair a roinn leithéid Maeve Mackinnon, Gráinne Holland ceol agus caint Ghaeilge na hAlban agus píobadóireacht na nGael le hos cionn 100 dalta méanscoile.

Seo chugaibh blaiseadh den cheol agus den chraic!

William Kennedy

Cúlra

Déanann an fhéile saol agus saothar an phíobaire iomráitigh William Kennedy a cheiliúradh. Rugadh William Kennedy sa bhliain 1768 gar do Dhroichead na Banna i gcontae an Dúin agus bhásaigh sé i dTóin re Gaoth i gcontae Ard Mhacha sa bhliain 1834.

Chaill William Kennedy cumas a súile agus é ceithre bliana d’aois. Mar a rinneadh le páistí dalla ag an am, cuireadh William ag seinnt ceoil. Thóg William faoi chóiríocht Piobaí Uileann agus é cúig bliana déag d’aois.

Rinne William Kennedy forbairt ar chrut na bpíob le linn a shaoil. Tugtar creidiúint dó as luibheanna méara éagsúla a chur le caintaire na bpíob sa dóigh is go bhféadaí le ceoltóir nótaí breise a sheinnt.

Is iad Cumann Píobairí Ard Mhacha nó Armagh Pipers Club a dhéanann an fhéile a reáchtáil.

Close
Close