Féile Bríde le Cleamairí Ard Mhacha

An deireadh seachtaine seo caite, rinne Cleamairí Ard Mhacha Féile Bríde a cheiliúradh i measc phobail éagsúla a gcontae. Bhí siad ag cleamaireacht ag Eaglais na hÉireann, Eaglais Naomh Maolmhaodhóg agus ag tobar Bhríde in Ard Mhacha.

Le cois an cheiliúrtha, rinneadh bailiúchán airgid do Naíscoil Shliabh Fuaid atá le hoscailt in Ard Mhacha i gceann míosa.

Reáchtalaíodh an ócáid i gcomhpháirt le Ciorcal Cómhra Ard Macha, Mens Sheds agus Ionad na Spioradáltachta Ceiltí in Ard Mhacha.

Cleamairí Ard Mhacha

Cúlra Cleamairí Ard Mhacha

Téann traidisiún na gcleamaireachta siar 2,500 bliain ar an oileán seo. Bunaíodh Cleamairí Ard Mhacha 35 bliain ó shin nuair a tháinig seisear fear dífhostaithe le chéile a raibh ceol traidisiúnta ar a gcumas acu.

Rinne an seisear Cleamairí eile a thraenáil faoi scéim phobail ACT a bhí á eagrú sa cheantar ag an am.

Sna luathbhlianta, rinne siad drámaí a chur ar ardán do pháistí bhunscoile in Ard Mhacha. Mar a d’imigh na blianta, tháinig forbairt ar líon agus ar réimse a ndrámaí agua a gcoirmeacha ceoil.

Tá ionadaíocht déanta acu ar son na hÉireann ag féiltí éagsúla ar fud na cruinne. Níos giorra don bhaile, tá tograí trasphobail faoi lámh acu ar bhun leanúnach.

Close
Close