Féile an Phobail beo go deo!

Bunaíodh Féile an Phobail sa bhliain 1988 chun saol mhuintir Bhéal Feirste a fheabhsú le linn na coimhlinte a bhí ar siúl sa tuaisceart ag an am. An sprioc a bhí acu ná gnéithe dearfacha an phobail a chur chun cinn tríd an cheol, damhsa, cruthaitheacht, spórt agus na dána. Chomh maith leis sin bhíothas ag iarraidh siamsaíocht a chur ar fáil ar phraghas réasúnta. Chuaigh Féile an Phobail ó neart go neart ó shin agus tá clú uirthi anois timpeall na tíre. Bhí Sarah de Búrca i láthair i mbliana leis an atmaisféar beomhar a bhlaiseadh.

Féile an Phobail beo go deo! / Sarah de Búrca

Bíonn neart féilte eile á reachtáil ag Féile an Phobail i rith na bliana. Is féidir leat níos mó eolais a fháil ar http://www.feilebelfast.com.

Close
Close