Forbairt £2 milliún mar chuspóir ag eagras Bhóthar Seoighe

Forbairt £2 milliún mar chuspóir ag eagras Bhóthar Seoighe

Sheol Uachtarán CLG Aogán Ó Fearghail plean forbartha i nGaeltacht Bhóthar Seoighe le hIonad Pobail, Spóirt agus Cultúrtha a fhorbairt ag Cumann Uí Dhonnabháin Rosa.

Comhpháirtíocht is í an fhorbairt idir Bunscoil Phobal Feirste, Comhpháirtíocht Chomharsanachta Bhaile Andersan, CLG Uí Dhonnabháin Rosa agus an t-eagras meabharshláinte Niamh.

Déanfaidh na ceithre ghrúpa an tionscadal a fhorbairt thar thréimse 10 mbliana ar chostas £2 milliúin. Táthar ag dréim go mbeidh ionad folláine, páirceanna traenála faoi sholas agus naíolann a thógail.

“Ó thaobh s’againne, tá muid ag iarraidh freastal a dhéanamh ar riachtanais na bpáistí," arsa Deirdre Nic Suibhne, Bunscoil Phobal Feirste.

“Is é an pobal a bhunaigh Bunscoil Phobal Feirste… tá muid ag iarraidh pobal a chuir ar ais sa Bhunscoil i gcuideachta na ngrúpaí eile agus go mbeidh na seirbhísí sin ar fáil dóibh ag Cumannn Uí Dhonnabháin Rosa.”

“Má bhíonn naoílann againn anseo, beidh na páistí ábalta tosú ar an Ghaeilge ón chliabhán. Beidh sé ina thacaíocht ag na teaghlaigh sin,” arsa Deirdre Nic Suibhne.

Deir Iar-Uachtáran CLG, Peadar Ó Coinn, go bhfuil gá le hinfheistíocht in Iarthar Bhéal Feirste le haghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí sláinte atá níos treise sa cheantar ná i gcodanna eile den chúige.

“Is féidir bogadh maith a fheiceáil in Iarthar Bhéal Feirste ó thosaigh an tsíocháin. Bheinn dóchásach faoin togra seo, tá sé tábhachtach go gcuirfidh an Rialtas tacaíocht ar fáil dó,” arsa an tUasal Ó Coinn.

Forbairt Bhóthar Seoighe
Close
Close