Foghlaim, foghlaim, foghlaim

Foghlaim, foghlaim, foghlaim
Foghlaim, foghlaim, foghlaim

Ciarán Ó Pronntaigh

Níl aon dabht ann ach tá téama amháin ag teacht chun cinn san fheachtas toghchánaíochta go dtí seo, is é sin cúrsaí oideachais.

Bhí sé le sonrú go mór i ndíospóireacht na gceannairí a bhí ar siúl ar UTV agus lean sé leis sa díospóireacht a bhí ar ‘The View’ ar an BBC, an lá dár gcionn.

Tá ceisteanna eile ann, go cinnte, ach léirigh an díospóireacht go dtí seo nach bhfuil mórán saoirse ag na páirtithe dul ar mhalairt treo sa chóras ilpháirtí atá againn anois.

Bíonn gach duine ar an téad chéanna maidir le cúrsaí sláinte agus forbairt an gheilleagair ach má tá tú ag iarraidh freastal ar mhianta do lucht leanúna níl beart níos críonna ná bheith ag caint faoin oideachas. Tá ceist na teiste aistrithe beo go fóill agus rinne an dá mhórpháirtí aontachtacha targaid den Ghaeloideachas.

Má tá an DUP i ndáiríre, beidh orthu post ‘tábhachtach’ an Aire Airgeadais a fhágáil ag Sinn Féin, rud a léiríonn go síleann siad go bhfuil níos mó le baint as an aighneas oideachais ná bheith ag dáileadh buiséid do gach roinn.

Agus ní dheachaigh an SDLP ar chúl sceithe leis an cheist. Níor chuir Sinn Féin deireadh leis an teist aistrithe nó bhí teisteanna fós ann, arsa Colm Eastwood ar dhíospóireacht UTV, Dé Céadaoin, cé nár inis sé dúinn cad é eile a thiocfadh leis an SDLP a dhéanamh sa chás.

Ag amharc ar an díospóireacht sin rith sé liom go mbeadh gach páirtí sásta go leor dá mbeadh gach sórt mar a bhí. Agus ritheann patuaire leis an chur chuige sin.

Déanfaidh an DUP a ndícheall nach mbeidh tús áite ag Sinn Féin trí scéal chailleach an uafáis a úsáid. Déarfaidh Sinn Féin go mbeidh siad ábalta tuilleadh a dhéanamh le vóta níos mó. Agus níl aon chuma ar an scéal go mbeidh mórathrú ann, go fóill.

Tá corráit a bhfuil fíoriomaíocht ann.

Doire, mar shampla, áit a bhfuil Martin McGuinness ag seasamh mar iarracht le suíochán a sciobadh ón SDLP ina bpríomhchathair féin.

Bheadh impleachtaí fadtréimhseacha ann don SDLP agus do cheannaireacht Colm Eastwood dá n-éireodh le Sinn Féin ach ba bheag an difear a dhéanfadh sé do leagan amach an fheidhmeannais.

Beidh sé spéisiúil a fheiceáil an mbeidh Daoine roimh Bhrabús in inmhe cur leis an suíochán comhairle a bhain siad in iarthar Bhéal Feirste.

Má tá fadhb ag an DUP baineann sé leis an dóigh a bhfuil siad ag troid i gcoinne an TUV in áiteanna áirithe agus in áiteanna eile tá Páirtí na nAontachtaithe ag iarraidh leanúint den athbheochan a thosaigh siad ag an olltoghchán deiridh. Tá dhá script uathu, mar sin.

Cuirfear suntas sa débhríochas a bhaineann le ceist an fhreasúra. Mar atá sé anois níl Aontachtaithe Uladh san Fheidhmeannas ach níl siad ag briseadh na gcos lena chur in iúl nach mbeidh siad ar ais i ndiaidh an toghcháin.

Agus tá an SDLP doiléir ar an cheist chomh maith. Cad is ciall le ‘má éiríonn linn ár bpolasaithe a chur i bhfeidhm’?

Arís, tuigeann gach páirtí nach mbeidh mórán athruithe ann agus gur díth chéille é suíochán san Fheidhmeannas a chaitheamh uathu ar mhaithe le baothchaint faoi fhreasúra. (Cuir sin i gcomparáid leis an Phoblacht, áit a bhfuil drogall ar Fhianna Fáil ceannaireacht an fhreasúra a fhágáil ag Sinn Féin).

Cad é an tionchar a imreoidh na torthaí ar cheist na Gaeilge, mar sin? Bhí imní ar lucht na Gaeilge le cúpla mí anuas nuair a bhí ráfla ann nach mbeadh an aireacht oideachais ag Sinn Féin a thuilleadh, rud a mhéadaigh nuair a d’fhógair John O’Dowd go raibh sé le héirí as i ndiaidh an toghcháin.

Cad é an difear a dhéanfadh Emma Pengelly, mar shampla, dá mbeadh sí i mbun na roinne?

An chéad rud nach miste a rá gur beag státseirbhíseach a thuigeann tumoideachas. Bheadh An Roinn Oideachais mar eagras corparáideach níos suaimhní gan a bheith ag plé leis an Ghaeilge. Sin mar bhíonn eagraíochtaí móra, de ghnáth. Níl tuiscint acu go bhfuil riachtanais an chórais sin difriúil ó riachtanais an Bhéarla agus go bhfuil earnáil na Gaeilge ag staid forbartha ná earnáil an Bhéarla.

Bí cinnte nach mbeidh an DUP (ná Páirtí na nAontachtaithe, a léirigh spéis sa phost chomh maith) ag cothú na hearnála má bhíonn faill acu. Beidh siad ábalta teacht i dtír ar cibé doicheall sa Roinn Oideachas don teanga.

Buaireamh eile atá ann go slogfar An Roinn Cultúir isteach i Roinn nua. Má thógann Sinn Féin an ceann seo an mbeidh Carál nó Rosie nó fiú Barra in ann an oiread ama a chaitheamh ar Acht na Gaeilge? (Is ceist eile é ar chóir an cheist a thógáil le Rialtas na Breataine a thug geallúint faoi i gComhaontú Chill Rímhinn).

Is dócha gurb é seo an toghchán is tábhachtaí maidir leis an Ghaeilge ó cuireadh tús leis an chineachadh ag deireadh na haoise seo a chuaigh thart.

Close
Close