Fleadh Cheoil na hÉireann 2014

Bhí Fleadh Cheoil na hÉireann ar ais i Sligeach don chéad uair le breis agus fiche bliain anuas ar an tseachtain seo caite.

Cé gur féile i bhfad níos mo atá ann ó bhí sé ar an baile an t-am deireanach, bhí ócáid den scoth ann ó thús deireadh agus muintir Shligigh ag cur fáilte roimh 350,000 cuairteoirí le linn sheachtain na Fleidhe.

Bhí ár bhfísiriseoirí Seán Ó Baoill agus Hannah Ní Dhubhcháin i Sligeach chun an ceol, an damhsa agus an t-atmaisféar ina hiomláine a bhlaiseadh.

Fleadh Cheoil na hÉireann 2014

I measc an cheiliúrtha ceapadh Michael Rooney mar Ard Ollamh Fhleadh Cheoil na hÉireann 2014.

Is ceoltóir agus cumadóir é Michael, agus clú agus cáil air i measc cheoltóirí traidisiúnta mar chláirseoir den scoth.

As Co. Mhuineacháin é Michael ó dhuchás ach cónaí air anois i gCo. Shligigh lena bhean June agus trúir páiste s’acu Eoghan, Cillian agus Donal.

Bhí an deis ag Meon Eile labhairt leis agus é ag fáil réidh don cheolchoirm ‘The De Cuellar Suite’, cumadóireacht dá chuid féin.

Ard Ollamh na Fleidhe - Michael Rooney

Seachtain den scoth a bhí ann ag ceiliúradh chultúr agus thraidisiún cheoil agus damhsa na hÉireann.

Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann ar ais i Sligeach ar an bhliain seo chugainn arís agus muid ag dúil go mór lena bheith ar ais ann cheana féin.

Close
Close