Filíocht i Ré an Idirlín

le Ciara Ní Éanacháin

Is eisceacht é sa lá atá inniu ann an duine nach gcaitheann cuid mór dá chuid ama ag léamh blaganna agus suíomhanna idirlín, ag breathnú ar fhíseáin, nó ag caint ar shuíomhanna sóisialta fearacht Facebook nó Twitter.

Seo ré an idirlín agus tá an tromlach dúinn páirteach sa saol idirín. Ach cá seasann an fhilíocht sa ré sin?

Cloistear abairtí ar nós “ní léann éinne filíocht a thuilleadh”. Ní fíor sin. Bíonn daoine fós ag léamh filíochta, is é díreach an fhoirm ina mbíonn an fhilíocht a d’athraigh.

Ar chloisteáil duit na focail “cultúr an idirlín” cad air a smaoiníonn tú? Físeáin de chait? Pictiúir de mhadra? Rud éigin níos gáirsiúla a mbreathnaíonn tú air agus Incognito Mode á úsáid agat?

Cinnte, sin uilig cuid de.

Ach tá níos mó ag baint leis an idirlíon. Is ardán láithreach, idirghníomhach, il-chineálach é an t-idirlíon. Baineann féidearthachtaí nua leis. Agus as sin fásann foirmeacha nua den bhfilíocht.

Fuaim

Anois i ré an idirlín tá sé níos éasca ná riamh dánta a thaifead agus a scaipeadh, ní gá dlúthdhiosca a cheannach ná téip a chruthú. Ní gá cóipeanna fisiciúla a scaipeadh.

Bíonn filíocht den stíl spoken word dírithe ar chur i láthair an dáin, seachas an dán agus é scríofa ar leathanach. Agus tá borradh mór tar éis teacht ar fhilíocht spoken word timpeall na cruinne.

Is áis fhéinfhoilsithe é Soundcloud. Dóibh siúd a thaitníonn sé leo éisteacht le filíocht, ar Souncloud is féidir cuntais a thaitníonn leo a leanúint, agus sa chaoi sin gréasán filíochta a chruthú.

Úsáideann comhlachtaí Soundcloud chomh maith. Úsáid amháin a bheadh leis ná codanna de shaothair éigin a chur os comhair an phobail saor in aisce (ag súil le go gceannófar an saothar ina iomlaine, dar ndóigh!).

Mar shampla, ar Soundcloud Chló Iar-Chonnacht, tá teacht ar dhá thaifead ón leabhar dánta Crisis Cross Mo Chara le Gearoid Mac Lochlain

Is féidir an leabhar ina iomláine a cheannach Anseo

Tá na suíomhanna Poetry Archive agus Lyrikline ann chomh maith, ach tá siad cineál éagsúil ó Soundcloud. Déantar bainistíocht ar an bhfilíocht atá orthu

Bailíonn an dá shuíomh sin taifid d’fhílí aitheanta ag léamh a ndánta féin.

Agus ar Poetry Archive tá teacht ar thaifead de dhaoine eile á léamh chomh maith, aisteoirí a rinne albam de dhánta éagsúla, nó a leithéid. Is féidir éisteacht leis na dánta saor in aisce.

Níl dánta Gaeilge ar Poetry Archive, ach tá ar Lirikline. I measc filí na hÉireann ar Lirikline tá Nuala Ni Dhomhnail, Biddy Jenkinson, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Gabriel Rosenstock, Cathal Ó Searchaigh, agus Gréagóir Ó Dúill.

Ina theannta sin, tá roinnt aistriúchán ar Lyrikline de dhánta i dteangacha éagsúla. Is féidir, mar sin, éisteacht leis an bhfile ag léamh an bhundáin, agus ansin aistriúchán a léamh i mBéarla, nó i nGaeilge.

Físeán

Is iomaí rud gur féidir a dhéanamh le físeán, anuas ar fhuaim an dán a sholáthraigh; an dán a reic leis an gceamra, nó scéal a insint go físiúl, rud éigin ealaíonta a dhéanamh leis. Ciallaíonn sé sin uilig go mbíonn níos mó cúiseanna ag daoine breathnú ar fhíseáin ná, b’fhéidir, téacs a léamh.

Chonaiceamar uilig in Éirinn an físeán Just Saying , a cuireadh ar YouTube ag deireadh na bliana 2012. Ba mhor an tionchar a bhí aige ar an bpobal.

Seinneadh an físeán seo de chuid Shéamus Barra Uí Súilleabháin 750 uair.

I gcás an Bhéarla, dar ndóigh, tá na figiúirí níos mó. Tógaimis an dán seo mar shampla. Níl ann sa bhfíseán ach cur i láthair an dáin ag comórtas Slam Poetry sa bhliain 2013. Cé mhéad duine atá tar éis breathnú air? Thar deich milliún.

Ní hé sin an méid a bhíonn ag gnáthfhíseán ach más sampla é sin den mhéid is féidir a fháil, ar phíosa filíochta, léiríonn sé an cumhacht a bhaineann leis an idirlíon ó thaobh na filíochta de.

Bhunaigh mé oíche filíochta darb ainm Reic an bhliain seo caite. Bíonn an béim ar an nuafhilíocht, ar fhoirmeacha nua, srl. Le linn na bliana seo cuirfear tús le sraith d’fhíseáin, darb ainm Reicíseáin agus táimid ag súil le roinnt rudaí suimiúla a dhéanamh leo.

Beidh na Reicíseáin tábhachtach leis na cineálacha cuireana i láthair iontacha á fheictear ag na hoícheanta Reic a thaifead agus a bhuanú.

Cuirfidh na físeáin le saibhreas agus éagsúlacht na bhfíseán Ghaeilge atá ar fáil ar líne. Breathnófar orthu ní hamháin toisc go mbeidh filíocht iontach iontu, ach toisc iad a bheith dea-dhéanta, agus ealaíonta.

Téacs

Is iris é Nua Aois, atá in airde ar an suíomh idirlín ISSUU. Tá idir dhánta, scéalta, agus alt ann.

Go deimhin, le breathnú, d’fhéadfá a rá gur geall le gnáth leabhar clóite atá an iris sin ar ISSUU. Tá an eagrán fisiciúil agamsa, agus níl aon difríocht ann idir a bhfuil san eagrán fisisúíl agus an eagrán ar ISSUU.

Níl aon ghrafaicí, físeáin, téacs a bhogann, nó aon rud mar sin. Agus fiú nuair a bhrúitear an chnaipe leis an leathanach a casadh, is amhail le gur fíorleathanaigh atá ann, bogann siad ó dheis go clé.

Tá focal air sin. ‘Sciúmorf’ a thugtar air. Go bunúsach, úsáidtear an focal sciúmorf le cur síos a dhéanamh ar ríomhchláir dhigiteacha atá deartha i mbealach a dhéanann aithris ar a macasamhla fisiciúla. Sampla eile ná an clic a dhéanann ceamraí ar ghutháin, le haithris a dhéanamh ar fhíorcheamraí.

Anois, cé go bhfuil iarrachtaí déanta cuma an ghnáthleabhair a chuir ar an bpíosa digiteach seo, tá roinnt tréithe eile a ghabhann leis.

An chéad rud ná go bhfuil teacht air áit nó am ar bith ar fud an domhain ach ríomhaire agus idirlíon a bheith agat. An darna rud ná gur féidir an téacs féin a chuardú, dá mbeadh duine ag iarraidh teacht ar fhocal nó nath ar leith san eagrán. An tríú rud ná gur féidir an iris a roinnt go héasca.

Cuireadh cnaipí ar leith ar ISSUU do Twitter, Facebook, Tumblr agus eile. Is chuige sin atá sé. Tá cumhacht ag an cnaipín beag sin ‘roinn’, scaipeann rudaí go scriobtha ar líne, ar nós galar dosheachanta, sin an fáth a n-úsáidtear an focal viral.

Sin ceann de na cumhachtaí is mó agus is tábhachtaí atá leis an idirlíon ná gur féídir rudaí a roinnt.

Léitheoirí nua

Is léir don té a bhfuil filíocht á lorg acu go bhfuil na mílte dánta agus cineálacha dánta ar fáil ar líne, ach iad a lorg. Maidir leis na daoine nach gcuardódh dán – tá an t-idirlíon ag cabhrú le filíocht a scaipeadh ina measc.

Dar le staidéar a rinne The Poetry Foundation, i gcás tromlach na ndaoine, má thagtar ar dhán go nádúrtha, de thaisme, ar líne, sin ar na meáin shóisialta, nó a leithéid, léitear é.

Mar sin, tá againn anois an dream sin, daoine nach gcuardódh dán, nach gceannódh leabhar filíochta, b’fhéidir, ach a thagann ar dhánta de thaisme ar líne agus a léann iad. Sin léitheoirí nua, nach mbeadh ann, gan an t-idirlíon.

Agus mhéid daoine atá ag cumadh, ag roinnt, agus ag caint ar an bhfilíocht, is ea is fearr.

Close
Close