Féile 'Tradfest' ag déanamh ceiliúrtha ar Chlann Uí Mhaonaigh

Is i mBarra an Teampaill i gcroí lár Bhaile Átha Cliath a seoladh taispeántas griangrafanna bunaithe ar shaol agus shaothar Mhairéad Ní Mhaonaigh.

Tá Mairéad ar dhuine de na ceoltóirí is mó in Éirinn ariamh agus clú uirthi ar fud an domhain mar phríomhcheoltóir sa ghrúpa ‘Altan’ agus mar cheoltóir aonair chomh maith.

Rugadh agus tógadh Mairéad i nGaeltacht Ghaoth Dobhair lena deartháir Gearóid agus a deirfiúr Anna.

Is iníon í le Francie agus Kitty Uí Mhaonaigh. Fidléir den scoth a bhí ina hathair agus spreag sé an teaghlach agus go leor eile fán cheantar chuig an cheol.

Deir Mairéad nár thug sí faoi deara go raibh ceol ina ghné lárnach dá saol ag fás aníos, ach anois tuigeann sí an t-ádh a bhí orthu agus cé chomh speisialta agus tábhachtach a bhí ann gur tógadh iad le tobar dúchais cheoil thart orthu, rud atá sí anois ag déanamh lena hiníon féin, Nia.

Tá an taispeántas seo eagraithe mar cuid den fhéile ‘Tradfest’, ceann de mhór-ócáidí na bliana i saol an cheoil traidisiúnta.

Is bailiúchán de ghriangrafanna ó thréimhsí áirithe i saol Mhairéad atá sa taispeántas le meascán mearaí pictiúirí a thugann léargas ar shaol Mhairéad agus í ag fás aníos i nGaeltacht Thír Chonaill.

Bhí scaifte mór i láthair ag an seoladh agus bhí neart ceoil ó Chlann Uí Mhaonaigh agus cairde.

Cheol iníon Mhairéad, Nia, amach amhrán i gcuideachta a col ceathrar, rud a chuaigh go mór i bhfeidhm orthu sin a bhí bailithe le chéile don ócaid speisialta.

Dúirt Mairéad go raibh sí fíorbhuíoch as an dea-obair a chuir Trish Lamb agus an fhoireann uilig a bhí bainteach leis an togra seo.

Cé go raibh brón uirthi ag amharc ar chuid de na griangrafanna, dúirt sí gur oíche speisialta a bhí ann don teaghlach uilig agus ceiliúradh ar an ceol agus ar an saol.

Beidh an taispeántas ar siúl go dtí an 27ú Feabhra i ngailearaí griangrafadóireachta i mBarra an Teampaill agus caint faoina aistriú go Dún na nGall tar éis sin.

Ceiliúradh a dhéanamh ar Chlann Uí Mhaonaigh

Beidh dlúthdhiosca úr de chuid ‘Altan’ dar dteideal ‘The Widening Gyre’ le seoladh ag tús an Earraigh.

Close
Close