Tá fiontraíocht idirlín faoi bhláth i mbaile beag in iarthar Thír Eoghain. Is i Muileann an tSiáin a cuireadh tús le www.easyirish.com, suíomh dírithe ar fhoghlaimeoirí nach bhfuil an muinín acu freastal ar ranganna.
Tá an suíomh á reachtáil ag Pobal Mhuileann an tSiáin, eagras teanga an cheantair.
Tá foirgneamh ceannaithe acu sa bhaile le Cultúrlann a thógáil, beart a bhfuil súil acu á bhaint amach faoi cheann trí bliana.
Thug Meon Eile cuairt orthu lena ngnó teanga agus lena bplean tógála a fhiosrú…