Eamonn Mór Ó Faogáin - Gael uasal ar lár

Tá drochscéala buailte ar phobal na Gaeilge i mBéal Feirste le bás duine de phearsaí móra na cathrach, Éamonn Mór Ó Faogáin. Bhí clú agus cáil ar Éamonn mar gheall ar a chuid amhránaíochta, a chuid oibre leis an cheol, leis an teanga agus leis an iomáint.

Ba stiúrthóir é ar chór an Aifrinn Ghaeilge i mBéal Feirste óna bhunú, breis agus 30 bliain. I gcaitheamh na mblianta, thug Éamonn Gaeil óga faoina chúram lena shaineolas agus a stór ceoil a roinnt leo.

Labhair muid le Séamus Mac Seáin ó Bhóthar Seoighe faoin lorg a d’fhág Éamonn ar shaol na Gaeilge cois cuain.

Éamonn Mór

Suaimhneas síoraí i bhflaitheas na nGael don fhear uasal.

Meon Eile
Meon Eile
Close
Close