Dul amú ar ógánaigh a théann leis an ‘Stát Ioslamach’

Dul amú ar ógánaigh a théann leis an ‘Stát Ioslamach’

Colm Ó Broin

Le trí bliana anuas tá daoine ón Eoraip ag dul go dtí an tSiria le troid in éadan réimeas Bashar Al Assad.

Tá na huafáis atá déanta ag arm Assad mar spreagadh ag neart acu atá imithe le troid leis an ‘Stát Ioslamach’ (SI) agus grúpaí antoisceacha eile.

Céad faraor ach de réir mar atá cogadh cathartha na Siria ag dul ar aghaidh tá na grúpaí antoisceacha seo tagtha chun cinn mar na fórsaí is láidre san éirí amach.

Is é an ‘Stát Ioslamach’ an grúpa is mó aithne le tamall anuas de bharr na mbuanna míleata ollmhóra atá bainte amach acu agus na coireanna uafásacha atá déanta acu.

Cé go bhfuil roinnt Éireannach imithe anall le troid in éadan rialtas Assad, níl aon fhianaise go fóill go bhfuil aon duine acu mar bhall den SI nó na grúpaí antoisceacha eile ar nós Jabbat Al Nusra, brainse Al Qaeda sa tSiria.

Tá baol ann i gcónaí áfach go nglacfadh Éireannach óg le bolscaireacht na n-antoisceach mar atá tarlaithe le neart daoine óga eile san Eoraip.

D’eascair an SI ón ‘Stát Ioslamach san Iaráic’ (SII), brainse Iarácach Al Qaeda a tháinig chun cinn sna ceantracha Sunnaíoch san Iaráic tar éis ionradh George Bush agus Tony Blair in 2003.

Thuas seal thíos seal a bhí cumhacht an ghrúpa seo. Bhí siad nach mór i gceannas ar an gcuid is mó de chúige Anbar in iarthar na hIaráice in 2006. Cúpla bliain níos déanaí bhí an cumhacht sin caillte acu féin nuair a rinne siad iarracht córas treibheach an cheantair a scrios. D’éirigh na treibheanna amach in éadan SII agus chuir siad an ruaig orthu.

Bhí an grúpa faoi chois ach tugadh beocht as an nua dóibh nuair a thosaigh an t-éirí amach in éadan réimeas Assad sa tSiria in 2011. Thosaigh siad ag feidhmiú sa tír sin chomh maith. D’athraigh siad ainm s’acu go ‘Stát Ioslamach san Iaráic agus sa Leiveaint’, nó ISIL mar a ghlaotar orthu i mBéarla.

Chuir sé seo fearg ar cheannairí Al Qaeda agus dhíbir siad SIIL ón ngrúpa ag tús na bliana seo. Ba chuma leis an bhfórsa nua, bhí pleananna uailmhianacha á mbeartú acu.

Rinne siad ionradh ar iarthar na hIaráice mí Mheithimh seo caite agus ghabh siad sciar mór den tír. Chaill siad Anbar tráth dá raibh, ach tá siad ar ais i gcumhacht arís. Tá siad i bhfeidhil ar stráice mór talún sa tSiria agus san Iaráic anois, riail bhrúidiúil a chur i bhfeidhm acu, agus ainm an ghrúpa arís go dtí an ‘Stát Ioslamach’.

Bheartaigh SI ‘Cailifeacht’ a chruthú, beag beann ar na coinníollacha reiligiúnda traidisiúnta a bhain leis an téarma seo.

Gníomh radacach a bhí ann, ceann a léiríonn fimíneacht an ghrúpa.

Maíonn siad go bhfuil sé mar sprioc acu aithris a dhéanamh ar ré luath Ioslaim, go mbíonn gach rud a dhéanann siad bunaithe ar an ré órga seo agus go bhfuil siad dílis d’fhocal Dé a tháinig chugainn ón bhfáidh Mahamad.

Ní mór a rá áfach go bhfuil sé de nós acu neamhaird a dhéanamh de na sleachta sa Chorrán nach d’aithníonn siad, áfach.

Mar shampla, tá sé ráite go soiléir ag Mahamad nach féidir sibhialtaigh a mharú le linn cogaidh. Tá ciall nua curtha ag SI ar an ráiteas seo – deir siad nach sibhialtaigh iad daoine san Eoraip agus Meiriceá toisc gur daonlathais atá sna tíortha sin agus dá bharr sin go bhfuil an pobal freagrach as coireanna rialtais s’acu.

Tá leithscéalta acu chun sibhialtaigh i gceantracha eile a mharú. Deir siad gur eiricigh iad an pobal Siach, gur adhraitheoirí an Diabhail iad an pobal Yezidi, nó gur ainchreidmhigh iad Críostaithe.

Is grúpa Sunnaíoch iad ach tá leithscéal eile acu chun daoine ón bpobal Sunnaíoch a mharú. Tá sé mar chuid de dlí traidisiúnta na scoileanna Ioslamacha gur cheart daoine a fhágann an reiligiún a chur chun báis.

Tá rialacha ann faoin mbealach a chruthaítear go bhfuil duine tar éis droim láimhe a thabhairt don reiligiún ach arís eile tá ciall nua, radacach bainte as an dearcadh seo ag SI agus grúpaí ‘Takfiri’ eile.

Deir siad go bhfuil sé de cheart acusan a rá an bhfuil duine tar éis an reiligiún a fhágáil. Faoin ‘prionsabal’ seo is féidir leo a rá gur ‘séantach’ aon duine nach gcloíonn le rialacha Ioslam, dar leo. Ceadúnas dúnmharaithe é seo – is féidir leo a rá gur séantach atá in aon duine ar mhian leo agus mar sin gur cheart iad a chur chun báis.

Cé go bhfuil baint ag ionradh fuilteach Stáit Aontaithe Mheiriceá agus na Breataine ar an Iaráic le fás an SI, tá ról tánaisteach ag an gcoir seo le líon na ndaoine ón Eoraip atá mar bhaill den SI.

Níl na hEorpaigh atá leis an SI anois ag troid in éadan saighdiúirí Meiriceánacha nó Breatnacha. Tá siad ag troid in éadan Moslamaigh eile, Moslamaigh Shiacha sa tSiria agus san Iaráic den chuid is mó.

Tá olc ar dhaoine timpeall na cruinne faoin sléacht atá déanta ag réimeas Assad ar an bpobal Sunnaíoch sa tSiria agus an leatrom atá imeartha ag rialtas Siach na hIaráice ar an bpobal Sunnaíoch sa tír sin.

Ach níl SI chun saoirse a thabhairt don phobal Sunnaíoch sa dá thír sin. Tá siad chun sclábhaithe a dhéanamh astu agus éinne nach gcloíonn le léamh s’acu ar an gcreideamh – léamh antoisceach, roghnaitheach, fimíneach atá diúltaithe ag tromlach na Moslamach ar domhan.

Close
Close