Deoch an donais

Cathal Ó Manacháin

Nuair a labhraíonn polaiteoir, ar an drochuair, bíonn agat i gcónaí leis an cheist a chur: Cad chuige a ndúirt siad é sin? Cad é atá i gceist acu i ndáiríre? Cé a thairbheoidh den mhéid atá ráite acu?

Nuair a labhraíonn máthair a chaill a leanbh óg go tubaisteach, áfach, ní gá aon cheist mar sin a chur. Tá sí ag labhairt cionn is nach ligfidh an phian agus an folús, atá ina croí, di fanacht ina tost. Más i dtaisme bóthair a chailltear an leanbh, taisme arbh fhéidir é a sheachaint dá mbeadh an tiománaí níos faichillí, is cinnte go gcuirtear leis an phian agus an léan sin.

Is arm marfach é gluaisteán. Má ólaimid barraíocht nó má ghlacaimid drugaí agus carr á thiomáint againn, má bhíonn fón póca in úsáid againn agus sinn ar chúl an rotha stiúrtha, nó má bhímid ag tiomáint go róghasta, táimid ag cur daoine i mbaol a mbáis.

Má ritheann bille nua sa Dáil, cuirfear toirmeasc tiomána as féin ar aon tiománaí a mbeirtear air le 50 milleagram go dtí 80 milleagram alcóil in aghaidh 100 millilítear fola. Is é An tAire Iompair Shane Ross atá ag iarraidh an bille a chur tríd.

Labhair Danny Healy-Rae TD amach in éadan an bhille roinnt seachtainí ó shin, áfach, ag rá nach raibh aon tiománaí ciontach as duine a mharú i ndiaidh do nó di trí ghloine Guinness a ól.

Ní hamháin go bhfuil ráiteas mar sin bómánta agus contúirteach, ach tugann sé neamhaird ar na teaghlaigh a chaill daoine clainne ar na bóithre de dheasca tiománaí bheith ag ól.

Bhí idir ocht agus deich bpionta ceirtlise ólta ag Finbarr O'Rourke i Mí Aibreáin 2014, nuair a mharaigh sé Ciarán Treacy a bhí ceithre bliana d'aois. Bhí Ciarán beag sa ghluaisteán lena mhamaí nuair a thiomáin O'Rourke díreach ina n-éadan i bPort Laoise.

Dúirt tuismitheoirí Chiaráin go raibh siad gortaithe agus feargach i ndiaidh an méid a dúirt Healy-Rae. Luaigh Gillian, máthair an bhuachalla agus a gortaíodh sa taisme í féin, gur chuir focail an pholaiteora Chiarraígh isteach go mór uirthi.

Shílfeá go raibh sé ceart go leor gur duine ólta a mharaigh a mac, ar sise, ón méid a mhaígh Healy-Rae. Chuir Bean Treacy i gcuimhne dúinn fosta gur leor deoch amháin in amanna le cur isteach ar chumas duine tiomáint.

Mhaígh an tUasal Healy-Rae nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann do dhaoine a bhíonn ina gcónaí leo féin faoin tuath ach cúpla deoch a ól agus tiomáint abhaile go cúramach ina dhiaidh. Tá an dara suí ann dóibh, áfach, agus is i dtacsaí atá an suíochán sin. Más ceantar tuaithe atá i gceist, d’fhéadfadh an teach tábhairne seirbhís tacsaí nó mionbhus a chur ar fáil.

Ní thig le Healy-Rae nó le haon duine eile a chinntiú nach mbeidh taisme ag tiománaí i ndiaidh dóibh deoch nó dhó a ól. Caithfidh d'inchinn bheith ag feidhmiú céad faoin gcéad agus gluaisteán á thiomáint agat. Cuireann aon alcól nó drugaí isteach ar éifeachtúlacht na hinchinne sin.

An rud is samhnasaí faoin méid a dúirt Danny Healy-Rae, b’fhéidir, ná go bhfuil teach tábhairne aige féin. An amhlaidh go bhfuil sé sásta ligean do dhuine bheith ag ól agus ag tiomáint leis an teach tábhairne s’aige a choinneáil oscailte? Cá mhéad leanbh óg eile a chaithfeas bás a fháil ar na bóithre le go dtiocfaidh sé ar athchomhairle?

Leis an tarcaisne a chur i gceann na héagóra, an tseachtain seo chuaigh thart, rinne Healy-Rae iarracht a rá go bhfuil sé lán chomh contúirteach barraíocht a ithe sula mbíonn tú ag tiomáint agus agus atá sé an iomarca a ól. Gan amhras, cuireann tuirse isteach ar do chumas tiomána, más de dheasca béile mór a ithe nó cionn is nach raibh go leor codlata agat.

Is léir, áfach, go raibh Danny Healy-Rae ag iarraidh beagní a dhéanamh den ólachán i dtaismí bóthair arís. Uair amháin eile, mar sin de, tá íospartaigh na dtiománaithe a bhíonn ar meisce agus a dteaghlaigh maslaithe ag TD Chiarraí.


Close
Close