Cá seasann ról na mban i bpolaitíocht na treibhe?

Cá seasann ról na mban i bpolaitíocht na treibhe?

Le Hillary Clinton ag fógairt go mbeidh sí ag lorg ainmniúcháin an pháirtí dhaonlathaigh d’uachtáranacht na Stáit Aontaithe Meiriceá, tá ról na mban sa pholaitíocht i mbéal an phobail in athuair.

Leoga, tá neart toghcháin ar na bacáin ó thuaidh agus ó dheas agus na ceisteanna céanna a chuir. Cén fáth go bhfuil trí oiread fear san iomaíocht i dtoghchán an tuaiscirt agus beagnach 100 bliain imithe ó tugadh cead vótála iomlán do mhná? Anuas ar seo, cad chuige a bhfuil a laghad sin mná óga ag vótáil ar chor ar bith?

D’fhógair Hillary Clinton go mbeadh sí ar lorg ainmniúcháin do thoghchán na bliana seo chugainn san oileán úr. Sheol sí físeán tarraingteach dírithe ar lucht an mheánaicme ag rá go bhfuil gnáth-Mheiriceánaigh ar lorg ’seaimpín’ agus gur mhaith léi an ról seo a ghlacadh do na daoine seo.

Tá an haischlib #Grandmothersknowbest in úsáid ag Hillary don fheachtas, agus léirítear go láidir sa scannán go mbeidh Hillary ag díriú isteach ar cheisteanna a bhaineann le mná agus le páistí go háirithe.

Tá íomha bog, clainne curtha chun tosaigh ag Hillary ina cuid bolscaireachta. Is mór an t-athrú é seo ar an íomhá a aithnítear lena cois go minic mar phearsa neamhspleach, neamhthrocaireach ag caitheamh ‘pant suit’ agus spéaclaí gréine, agus í ag taisteal ar fud an domhain

Tá an straitéis seo iontach difriúil ón fheachtas a bhí aici siar i 2008, nuair nach raibh béim na mban a úsáid aici. Chuir sí í féin chun tosaigh cosúil le hiarratasóir ar bith eile an iarraidh sin.

Is cosúil anois go bhfuil Hillary ag iarraidh teachtaireacht agus teagmháil níos daonna a dhéanamh leis an toghlach. Má amharcann daoine uirthi mar bhean agus mar sheanmháthair gurb amhlaidh is fearr é díthe ó thaobh a feachtas de. Is suimiúil an cheist agus straitéis toghchanaíochta é seo.

Chuir an tionscadal ‘Everyday Sexism’ cárta biongó le chéile le frásaí a bheadh le cloisteáil i ndiaidh do Hillary fógra toghchanaíochta s’aici a dhéanamh, ina measc tagairtí do hormóin agus arm núicléach, ‘scrunchies’, anailís ar bhrógaí, éadaí agus gruaig s’aici, agus tagairtí dá posadh agus d’fhear chéile s’aici.

Caithfear an cheist a chur, cad chuige a bhfuil an oiread sin raic ann maidir le Hillary ag rith don uachtaránacht? Tá an cheist cloiste cheana féin, an mbeidh sí in ann a bheith mar sheanmháthair agus mar uachtarán? Cad chuige nach mbeadh?

An mbeadh an cheist chéanna curtha dá mba fear a bhí i gceist? Ní dóigh liom é. Tá sé i nádúr an duine cumhacht a lorg, idir fir agus mná araon.

Ní cosúil go bhfuil Hillary ag spreagadh mná sna Sé Chontae le dul i mbun polaitíochta ar an drochuair – as 138 iarratasóir ag seasamh sna toghcháin ó thuaidh an mhí seo chugainn, níl ach ceathrú chuid ar mhná iad, agus as na páirtithe aontachtacha, níl ach tríúr ban i measc a gcuid iarrathóirí ar fad. Níl mná ar bith ag seasamh don DUP.

Dúirt Arlene Foster ón DUP gur chás ar leith a bhí ann, mar go raibh ochtar fear san oifig cheana féin, agus nach féidir iarraidh orthu seasamh siar le ligean do bhean seasamh ina n-áit. Dar le Foster, níl go leor ban ag aon pháirtí, ach go bhfuil a páirtí féin ag iarraidh dul i ngleic leis an cheist seo ón bhun aníos.

Le líon íseal ban ag seasamh sa toghchán ó thuaidh, tá ráite ag an Ollamh Yvonne Galligan, stiúrthóir Centre for Advancement of Women in Politics in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, gur cheart cuóta dlíthiúil a chur i bhfeidhm le cinntiú go mbeidh ionadaíocht daonlathach ann.

Caithfidh mé a rá nach n-aontaím le seo, ar eagla go dtiocfadh ‘tokenism’ isteach sa scéal.

Rud eile a chuireann imní orm ó thaobh ról na mban sa pholaitíocht ná an líon íseal vótála i measc mná óga. Ag an toghchán deireanach sa Bhreatain, níor vótáil ach 39% de mhná idir 18-24 i gcompáraid le 50% d’fhir ar chomhaois. Le dul i ngleic le seo, tá feachtas nua tosaithe darb ainm #XXVote. Ach cad is cúis leis an dímhothú vótála seo?

Deir Hannah Vincent, a chur an feachtas ar bun, go mothaíonn mná den aois seo go ndéanann polaiteoirí ó gach páirtí uasal le híseal orainn. Sampla amháin de seo ná an bus bándearg a bhí ag an Labour Party i mbliana.

Feicimid arís agus arís eile gurb ionann ceisteanna na mban agus ceisteanna cúram páistí i súile na bpolaiteoirí, ach mar bhean óg gan páistí, ní chuireann cúram leanaí isteach nó amach orm ag an phointe seo, agus tá mé chomh buartha faoi na ceisteanna móra (postanna, sláinte, póilíneacht, cosaint) is atá na fir.

Ar a bharr seo, mar dhuine a bhfuil suim sa pholaitíocht acu, nuair a amharcaim ar an teilifís, ní fheicim mórán mná ar suim liom vótáil ar a son, go háirithe le polaitíocht treibhe s’againne ó thuaidh.

Agus maidir le Hillary, cé nach bhfuil rún agam seasamh i dtoghcháin ar bith go fóill, caithfidh mé a rá go bhfuil mé ag súil go mór le vóta a chaitheamh (don chéad uair riamh) ar an 7ú Bealtaine.

Close
Close