Cuimhní Craoibhe – Sam sna Sléibhte

Cuimhní Craoibhe – Sam sna Sléibhte

An tseachtain seo ar Chuimhní Craoibhe, téann muid siar ar bhoithrín na smaointe le Seán Seosamh Ó Dochartaigh agus amharcann muid ar Chraobh Peile na hÉireann ’92 nuair a thóg Dún na Gall Corn Sam Mhig Uidhir den chéad uair riamh.

Bhí lorg na ráchairte ar an chontae sna blianta roimhe le Craobh Uladh buaite acu in 1990 agus Craobh na hÉireann Faoi 21 tógtha acu trí bliana níos túisce.

I dtús na Craoibhe sa bhliain chinniúnach sin, bhí an t-ádh ar Dhún na nGall dul thar an Chabhán. Scóráil Máirtín Beag Mac Aoidh cic saor ó fhada amach sa bhomaite dheireanach leis an chluiche a chur ar chomhscór. Ba bheag stró a bhí acu san athimirt.

Chloígh na Conallaigh fir Dhoire i gCluiche Ceannais na cúige agus chuir siad Maigh Eo de dhroim seoil i gCluiche Leathcheannais na hÉireann.

Baile Átha Cliath a bhí os a gcomhair amach sa Chluiche mór Ceannais i mí Mheán an Fhómhair – ba iad fir na hArdchathrach rogha na coitiantachta ach bhí an lá ag fir Thír Chonaill.

Seo súil siar ar an chraobh stairiúil inar thug na Conallaigh an SAM chuig an iarthuaisceart den chéad uair riamh…

Dún na nGall 1992

Buíochas le Dónall Mac Ruairí agus na Haroos a thug caoinchead dúinn an t-amhrán ‘Glas agus Buí’ a úsáid mar fhuaimrian don fhíseán seo.

Tá na grianghraif san fhíseán á n-úsáid faoi cheadúnas Creative Commons. Gabhaimid buíochas le Comhairle Uladh, Michael McGonagle, Kenneth Allen, Rallyretro, Derbhla S, John H. Nolan, Gwen4435, Tolivero, agus dingbat2005.

Close
Close