Cuimhní cinn ar chúrsaí samhraidh Gaeltachta

Triallfaidh na mílte déagóir ar chúrsa Gaeltachta idir seo agus deireadh an tsamhraidh. Is eispéireas é an cúrsa Gaeltachta a bhfuil taithí ag neart againn air. Cothaítear grá don Ghaeilge is don chultúr agus déantar cairde saoil ann.

Tá cuimhní ceanúla ag an mhórchuid againn ar chraic, cluichí, céilithe, agus diabhlaíocht a tharlaíonnn le himeacht na dtrí seachtainí sin.

An tseachtain seo ar an bhosca, chuaigh muid siar ar bhoithrín na smaointhe le foireann peig.ie faoina gcuimhní cinn ar laethanta ceolmhara an tsamhraidh…

Cuimhní Gaeltachta
Close
Close