Cordia na Breataine Bige buach ag an Fhéile Pan-Cheilteach

Thriall os cionn 20,000 duine ar bhaile Cheatharlach don Fhéile Pan-Cheilteach ar na mallaibh. Rinneadh ceiliúradh ar cheol, ar chultúr agus ar theangacha dúcháis na dtíortha Ceilteacha ag an Fhéile.

Thug Diane Ní Chanainn as Mín a’Chládaigh i dTír Chonaill an tríú háit léithe sa chomórtas amhránaíochta traidisiúnta.

Bhuaigh Cordia, banna ceoil as an Bhreatain Bheag, an phríomhdhuais ag an Chomórtas Idirnáisiúnta Amhrán. Ba í Eve Belle as Gaoth Dobhair a rinne ionadaíocht ar son na tíre seo sa chomórtas leis an amhrán, ‘Craiceann agus Cnámha’.

Bhí Meon Eile sa chuideachta ag an chomórtas mór, seo buaicphointí an chomórtais agus agallamh le Bríde de Róiste, Glór Cheatharlach, faoi thionchar na féile ar an bhaile…

Féile Pan Cheilteach
Close
Close