Conas Gormacha an Gheimhridh a chur díot!

Eoin P. Ó Murchú

Tá an turcaí rósta, an t-anlann mónóg is na bachlóga Bruiséile ite is caite faoi seo agus Bliain Úr Iontach ag síneadh amach romhainn, ach do roinnt againn is cuid dhúshlánach den bhliain í seo.

Tagann gormacha an gheimhridh nó gormacha Mhí Eanáir fiú ar roinnt daoine. Fógraíodh cheana gur Luan áirithe i Mí Eanáir an lá is mó a chuirfeadh duine in ísle brí, agus cé nach bhfuil aon bhunús eolaíochtúil leis seo ní féidir a shéanadh go mbíonn Eanáir gruama go maith ag roinnt mhaith againn.

Meascán ait d’oícheanta drabhlásacha an dá phub déag agus róbheathú na Nollag a fhágann mórán againn ag ceistiú conas is féidir an tsláinte agus an mheabhairshláinte a chinntiú don bhliain seo amach romhainn.

Aclaíocht – Seo an chuid is fearr den bhliain le tosú ar spórt nó le cumann nua, ach is deacair nós a chruthú. Is iomaí duine a bheidh ann an chéad lá den traenáil i Mí Eanáir ach cé a bheidh fágtha ag deireadh na míosa? Déan nós as agus seasfaidh sé leat!

Alcól – Déantar iarracht an oiread alcóil a ólann tú a laghdú. Cé go bhfuil buntáistí áirithe ag méid beag alcóil ó thaobh na sláinte, i gcúrsaí meabhairshláinte b’fhearr aon drabhlás a sheachaint.

Codladh – Cinntigh go bhfaigheann tú do sháith codlata, leis, ach ná bí ag dul don róchodladh ach oiread. Meastar gur thart ar 7 n-uair an chloig an t-achar is fearr. Tá drochéifeacht má chodlaíonn tú roinnt mhaith níos faide nó níos gaire ná seo go rialta.

Nua-aoiseachas – Tá cleachtais nua-aoiseacha ar fáil ar fud an bhaill an t-am seo bliana. Ní hamháin gur féidir le roinnt acu buntáistí a thabhairt duit ó thaobh na meabhairshláinte, tá cuid mhór acu taitneamhach leis! D’fhéadfaí triail a bhaint as an aireachas ina ndíríonn tú ar na rudaí a bhíonn ar bun agat bídís ina mothúcháin nó ina smaointe. Tá an machnamh ann le fada an lá nó an ióga fiú don té ar mhaith léi nó leis an cholainn agus an inchinn a spreagadh araon.

Bia – Tá sé tábhachtach aird níos mó a thabhairt ar an mbia. Seachain bruscarbhia. Má tá airc ar leith chun carbaihiodráití ort is féidir go bhfuil baint aige seo le Neamhord Mothachtálach Séasúrach, cineál de dhúlagar geimhridh a bhaineann de suas le 10% den daonra i gceantracha áirithe den domhan. Cinntigh go n-itheann tú bricfeasta, is bealach iontach atá ann fuinneamh agus dea-aoibh a choinneáil anuas ar dhul i ngleic le fadhbanna raimhre i ndiaidh na Nollag móire maithe úd. Beidh meáchan níos airde ar go leor againn tar éis na mbrioscaí is na milseán uile. Fill ar an ngnáthréimse bia duit nó ceann níos sláintiúla fiú.

Teannas teaghlaigh – Is minic a chúisíonn fuarlaethanta fada na féile teannas idir gaolta. Déantar iarracht cairdeas a bhunú athuair! Díreach maith dóibh é nach raibh cead agat breathnú ar Frozen faoi dhó lá Nollag.

Caidreamh sóisialta – Tacaíonn a lán staidéar leis an gcoincheap gur tábhachtach an rud é gréasáin shóisialta a bheith agat. Cinntigh nach bhfanann tú sa tigh i gcónaí; beartaigh bualadh le daoine, roghnaigh obair dheonach a dhéanamh, cuirfidh seo tuilleadh struchtúir ar an lá agus breis sásaimh duit chomh maith.

Rúin na bliana úire – Baineann roinnt an-leas as spriocanna don bhliain úr. Is féidir leo tú a spreagadh le saol níos sláintiúla a chaitheamh trí chéile.

Aigead – Bí curamach le do chuid airgid. Tar éis féile agus fhláithiúlacht Dhaidí na Nollag beidh pócaí folamha anuas ar an gcloigeann tinn ag go leor. Coinnigh an sparán agus an tiachóg sa phóca.

Gach rath oraibh uile ag tabhairt faoin mbliain seo amach romhainn. Buail fúithi!

Má tá tú féin nó aon duine ar d’aithne ag dul i ngleic le fadhbanna meabhairshláinte moltar dul i gcomhairle dochtúra nó duine oilte ina leith.

Má tá cabhair nó comhairle uait is féidir dul i dteagmháil leis na dreamanna seo a leanas: Na Samáraigh 1850-609090. Console 1800-201890. Aware 01-6617211.

Close
Close