Comhrá le Bláthnad Ó Brádaigh

Comhrá le Bláthnad Ó Brádaigh

Inniu ar Meon Eile, cuireann Lynette Fay aithne ar Bhláthnaid Ó Bradaigh, Uachtáran Oireachtas na Gaeilge 2013.

Rinneadh an comhrá seo a thaifead le linn an Oireachtais i gCill Airne an deireadh seachtaine seo caite.

Tá a saol tugtha ag Bláthnaid don teanga. Bhí sí ina Leas-Stiúrthóir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge sular eirigh sí as a post roinnt blianta ó shin.

Is as Glas Naíon i mBaile Átha Cliath ó dhúchas di ach tá ceangal láidir Ultach ag Bláthnaid siocair gur as Contae Aontroma a tháinig a tuismítheoirí.

Is Cathaoirleach í ar fhochoiste Liteartha Oireachtas na Gaeilge fosta. Labhrann sí le Lynette faoi shaol na Gaeilge, tógáil clainne le Gaeilge agus a ceangal le cúige Uladh.

Comhrá le Bláthnad Ó Brádaigh
Close
Close