Comhrialacha idirnáisiúnta - scoth siamsa nó a bport seinnte?

Rachaidh fir na hÉireann agus na hAstráile i mbun coimhlinte sa chluiche mhór comhrialacha i bPáirc an Chrócaigh oíche Dé Sathairn. Is é laoch mór Ard Mhacha Joe Kernan atá i bhfeighil ar fhoireann na hÉireann i mbliana.

Le himeacht na mblianta, tharraing stíl gharbh imeartha na gcluichí racht feirge i measc sciar áirithe den phobal a mhaígh nár cheart leanúint leo. Lena chois seo, bhí farrasbarr 101 pointe ag fir na hÉireann i 2013 nuair a thriall na hAstrálaigh ar Éirinn. Bhí an pháirc imeartha níos cothroime i gcluichí na bliana anuraidh.

In ainneoin na ndeacrachtaí áirithe a bhíodh sa chomórtas, an dóigh leat go bhfuil todhchaí agus spás ann don chluiche a thógann togha na lúthchleasaithe ón dá tír le chéile? D’fhiafraigh muid de dhaoine ar bhosca na seachtaine seo…

Barúil ón Bhosca
Close
Close