Ceol na nÓg - Kathryn Mullan

Ceol na nÓg - Kathryn Mullan

An tseachtain seo ar Ceol na nÓg tá ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill i mbun comhrá le girseach óg as Co. Dhoire, Kathryn Mullan.

Is as Carn Tóchair í Kathryn ó dhúchas, ceantar atá breá láidir i dtaobh na Gaeilge agus an cheoil traidisiúnta de, mar gheall ar an sár-obair atá ar bun sa dúiche.

Is iníon í Kathryn le Hugh agus Martha Mullan agus tá beirt deartháireacha aici, Conor agus Christopher. Tá traidisiún ceoil láidir i dteaghlach Kathryn agus dúirt sí gurb í a daideó, Henry, an duine is mó a spreag í chuig an cheol agus í ag fás aníos.

Tá guth galánta binn aici agus tá go leor uirlisí ceoil aici fosta, an fheadóg stáin, an banjo agus an giotár ina measc.

Tá Kathryn ag déanamh staidéir ar Mhatamaitic ar Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste faoi láthair agus í sa chéad bhliain.

Cé go bhfuil sí gnóthach leis an ollscoil, bíonn sí go fóill ag ceol agus an seinm go minic agus is féidir léi agus dúirt sí nach raibh sí ábalta ‘cur síos mar is ceart a dhéanamh ar na mothúcháin a bhíonn aici agus í ag ceol os comhair lucht féachana. Ach go raibh draíocht bainte leis’.

Tá cúpla amhrán cumtha ag Kathryn, i mBéarla den cuid is mo acu. Chum sí amhrán darb teideal ‘Through your eyes’, a chum sí sula ndeachaigh sí go dtí an Tansáin anuraidh le hairgead a bhailiú ar son na ndaoine ann agus ó shín tá sí ag cumadh agus ag scríobh léi.

Tá croí Kathryn istigh ina teanga dhúchais agus an ceol traidisiúnta. Cé go bhfuil sí iontach dilís don cheol traidisiúnta, is maith léi bheith ag aistriú amhrán nua-chumtha ó Bhéarla go Gaeilge, mar a dúirt sí féin, ‘Le taispeáint do dhaoine go bhfuil an Ghaeilge ’mar teanga bheo bhríomhar.’

Ceol na nÓg - Kathryn Mullan
Kathryn Mullan - Smaoineadh Os Ard – Ed Sheeran

Smaoineadh Os Ard – Ed Sheeran

__Nuair atá mo chosa róthuirseach le siúil i do threo,

an mbeidh tú fós de m’iarraidh go deo?

An gcuimhneoidh do bhéal blas mo ghrá?

An dtiocfaidh do mhiongháire fós ó do shúile?

A stóirín, tabharfaidh mé mo ghrá duit ag achan aois

Is leatsa titim ar mhullach mo chinn arís is arís

’S mé ag smaoineadh faoin chaoi

Go dtiteann daoine i ngrá ar bhealaí éagsúla

Súile, miongháire nó lámh

Titim féin i ngrá leat achan uile lá

Níl mé ach ag iarraidh a rá

Oh mo ghrá, amharc orm le do shúile geala

Póg mé faoi sholas míle réalta

Cuir do cheann ar mo chroí ag preabadh

’S mé ag smaoineadh os ard

Gur tháinig muid ar ghrá san áit atá

Nuair a thagann an liath isteach i m’chuid gruaige

‘S gan m’ainm ar eolas ag an slua

Nuair nach dtagann aon cheol ó mo bhéal nó mo lámha

Tá’s a’m go mbeidh go fóill agam do ghrá

Is cuma go dtarlóidh seo dár gcoirp, a stóirín

Is é d’anam atá de mo mhealladh, ’s beidh go síoraigh

’S mé ag smaoineadh faoin chaoi

Go dtiteann daoine i ngrá ar bhealaí éagsúla

Súile, miongháire nó lámh

Titim féin i ngrá leat achan uile lá

Níl mé ach ag iarraidh a rá

Oh mo ghrá, amharc orm le do shúile geala

Póg mé faoi sholas míle réalta

Cuir do cheann ar mo chroí ag preabadh

’S mé ag smaoineadh os ard

Gur tháinig muid ar ghrá san áit atá

Tháinig muid ar ghrá san áit atá

Tháinig muid ar ghrá san áit atá__

Close
Close