Ceol na Clainne - Clann Uí Chanainn

An tseachtain seo ar Ceol na ClainneSeán Ó Baoill ar ais i gCo. Dhún na nGall, ach an tseachtain seo tá sé i gcuideachta athar agus iníne, John agus Diane Uí Chanainn as Gort a’ Choirce.

Tá neart déanta acu beirt i dtaobh an cheoil tíre de. Chaith John na blianta ag bualadh sa ghrúpa ‘The Clubmen’ i gcuideachta a bheirt deartháireacha. Chaith siad seal ar an choigríoch idir Albain agus Sasana agus sheinm fud fad na hÉireann chomh maith.

Thosaigh Diane ag bualadh leis an ghrúpa nuair a bhí sí dhá bhliain déag d’aois agus níor stad sí ag ceol ó shin. Tháinig deireadh leis an bhanna ag tús na 90í ach bíonn Diane agus John ag bualadh le chéile achan am a fhaigheann siad an deis.

Tá cónaí ar Diane i mBéal Feirste anois agus bíonn sí ag teagasc ranganna amhránaíochta. Glacann sí páirt sna comórtais sean-nóis ag an Oireachtas achan bhliain. Tá Diane anois ag obair ar thogra nua ceoil agus í ag súil le dlúthdhiosca a sheoladh roimh dheireadh na bliana.

Féach thíos faoin fhís le teacht ar MP3 do na hamhráin.

Clann Uí Chanainn
Diane Ní Chanainn
John Ó Canainn
Close
Close