Trí bliana ar an saol atá Meon Eile ag ceiliúradh inniu. Leoga, ní raibh an t-am i bhfad ag imeacht! Beagnach 50 uair a chloig d’fhíseáin agus scéalta faoi shaol na Gaeilge i gCúige Uladh agus i gcéin atá scannánaithe againn; cultúr, ceol, pobal, polaitíocht, spórt agus cúrsaí reatha.
Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil leis na Gaeil a chuidigh linn, a roinn a gcuid scéalta go flaithiúil linn agus a thóg a gcuid ama lena súile a chaitheamh ar shaothar an tsuímh.
Seo súil siar ar 10 mbuaicphointe agus laethanta móra sa taobh seo tíre le trí bliana anuas. Tá tacaíocht an phobail mar dhúthshraith i mborradh agus i mbláthú an tsuímh seo.
Go raibh maith agaibh as a bheith linn, leanfaidh an obair!
Gael an Tuaiscirt Dearg le Fearg
Mary Logue – ag teacht tríd an dorchadas
Linda Ervine ag spreagadh na Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste
“Ní míchumas atá orm – buntáiste is ea é”
Ag snámh mórthimpeall Éireann ar son Pádraig Schäler
Ceol na Clainne – Clann Mhic Ruairí
Ag iomaint i gcathaoir rotha
Fleadh Cheoil na hÉireann sna sé chontae don chéad uair
Tuistí an Tuaiscirt – Gaeil ag éileamh seirbhís iompair scoile
Pobal na Gaeilge ar son ‘YesEquality’