Ceiliúradh ar 120 bliain d'athbheochán na Gaeilge cois cuain

Ceiliúradh ar 120 bliain d'athbheochán na Gaeilge cois cuain

Rinneadh ceiliúradh an tseachtain seo ar 120 bliain d’athbheochán na Gaeilge i mBéal FeirsteRinneadh ceiliúradh an tseachtain seo ar 120 bliain d’athbheochán na Gaeilge i mBéal Feirste agus bunú na chéad chraoibhe de Chonradh na Gaeilge sa chathair.

D’eagraigh Forbairt Feirste agus Turas imeachtaí idir Reilig na Cathrach agus oirthear Bhéal Feirste leis an chomóradh a cheiliúradh.

Le cúpla seachtain anuas, ghlan agus chóirigh Gaeilgeoirí óga i mBéal Feirste uaigh John St Clair Boyd.

“Duine mór le rá a bhí i Boyd, an chéad mháinlia ar otharlann na bpáistí i mBéal Feirste. Thug Boyd sean-teach otharlann na bpáistí do Chonradh na Gaeilge le bheith in úsáid mar cheanncheathrú i lár an bhaile ag Sráid na Banríona,” arsa stiúrthóir Forbairt Feirste, Jake Mac Siacais.

Seo súil ar an chomóradh a rinne Forbairt Feirste agus Turas ar shaol agus ar shaothar Boyd…

Comóradh 120 Bliain CnaG cois cuain

Is í Niamh Nic Ionnrachraigh a chum agus a chas an ceol atá le cluinstin san fhíseán seo.

Close
Close