Cearta agus leas ainmhithe

Is beag duine ar an domhan nach bhfuil ar an eolas faoin leon, Cecil, ag an am seo.

Bhí daoine ar fud na cruinne ar buile nuair a chuala siad faoi bhás an leoin, a bhí trí bliana déag d’aois nuair a maraíodh é.

Bhí cónaí ar an leon i bPáirc Náisiúnta Hwange sa tSiombáib le deich mbliana anuas. Áit a shílfeá go mbeadh sé coinnithe slán agus sábháilte.

Ach níl an locht ar mhuintir na páirce náisiúnta. 

Tá sé ráite gur íoc Walter Palmer, fiaclóir de bhunú Mheiriceá, $50,000 le Theo Bronkhorst, treoraí, chun dul ar saoire sealgaireachta.

Mealladh Cecil ón pháirc náisiúnta agus scaoileadh le saighead crosbhogha é. Bhí an leon fágtha gortaithe go dona agus scaoileadh arís é le gunna ag an dream céanna 40 uair ina dhiaidh sin agus maraíodh é. Bhí sé fágtha gan chloigeann ná craiceann.

Ní seo an chéad uair a maraíodh leon sa tSiombáib agus ní an t-am deireanach é ach an oiread.

Tá breis agus 170 grianghraif le feiceáil ar shuíomh idirlín an treoraithe, Theo Bronkhorst, de dhaoine ina seasamh ina aice leis na hainmhithe atá maraithe acu, mar sin is cosúil go bhfuil éileamh ar shaoire den chineál seo.

Agus tá Theo Bronkhorst ag rá nach ndearna sé a dhath contráilte ach beidh an cinneadh deiridh ag an chúirt.

Ach an mbíonn sealgaireacht riamh ceart? An spórt é? Agus cad faoina mhacasamhail zú, nó sorcas nó Seaworld?

Agus cearta agus leas ainmhithe i mbéal an phobail arís labhair Meon Eile le beirt faoina gcuid tuairimí féin air.

Cearta agus leas anmhitihe
Close
Close