Cant - teanga an lucht siúil i mbaol

Cant - teanga an lucht siúil i mbaol

Tá an teanga ‘Cant’, a labhraítear i measc an lucht siúil in Éirinn, i mbaol agus laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí, a deir Mark Donahue, Oifigeach Forbartha leis An Munia Tober, grúpa tacaíochta an lucht siúil i mBéal Feirste.

Deir Mark go bhfuil deiseanna labhartha Cant laghdaithe i measc an lucht siúil mar go bhfuil mórchuid na dteaghlach a bhfuil Cant ar a gcumas acu socruithe síos anois.

Dúirt sé le Meon Eile gur treise líon na gcainteoirí Gammon, leagan den Cant a labhraíonn cuid teaghlach i gceantar Bhéal Feirste agus áiteanna eile.

Seo roinnt den eolas ó cheardlann teangacha i gColáiste Feirste a eagraíodh le comhthusicint a chothú idir daltaí na scoile agus daoine óga ón lucht siúil i mBéal Feirste.

Phléigh na daoine óga na foclaí is ansa leo ina dteangacha féin agus cuireadh síos ar theanga an lucht siúil…

Léargas ar theangacha den lucht siúil
Close
Close