Campa Chormaic - ceiliúradh ar oidhreacht Chormaic Mhic an Ailín

Dhá bhliain déag atá imithe ó d’éag Cormac Mac an Ailín, an tIar-Chaptaen ar fhoireann peile Thír Eoghain. Thug fear na hEaglaise leis gach mórghradam dá raibh ann i gCumann Luthchleas Gael sular bhuail an bás é ag 24 bliain d’aois.

Ainmníodh Corn na gCluichí Comhrialacha ina ómós in 2004. Tá lorg an fhir le sonrú fós i gcumainn CLG mórthimpeall Chúige Uladh agus níos faide i gcéin. Chuir a dheartháir Dónall tús le hIontaobhas Chormaic agus go gairid ina dhiaidh sin bunaíodh Campa Chormaic.

Tá Campa Chormaic á réachtáil i gceithre chontae éagsúla i gCúige Uladh agus díríonn siad ar scileanna peile agus iomána, mar aon leis an Ghaeilge.

Seo chugaibh léargas ar Champa na bliana seo i mBaile na Scríne, Doire Theas, áit ina bhfuil an campa á úsáid le forbairt na hiomána i measc an aois óig a threisiú sa chontae.

Campa Chormaic
Close
Close