Cad atá i ndán do MMA?

Trodaíocht na n-alt lom bunaithe ar an ealaín chomhraic thar 3 bhabhta 5 bhomaite. Sea, MMA nó ‘Mixed Martial Arts’ atá i gceist againn. Tá caint na ndaoine tarraingthe ag an choimhlint bharbartha seo.

Ardaíodh go leor ceisteanna faoi shábháilteacht na trodaíochta i ndiaidh don trodaire, Joao Carvalho, bás a fáil mar thoradh ar ghortuithe cloigne a bhain dó i dtroid i mBaile Átha Cliath le déanaí.

Chuir Conor McGregor ráflaí timpeall go raibh sé ag éirí as an spórt i ndiaidh dó giolc a sheoladh mar gheall air. Giolc amháin a chuir meáin na cruinne ag caint faoi fhear Thamhlachta agus a cheird.

Ach an spórt ceart é MMA? Ar chóir go mbeadh a leithéid ann? An bhfuil sé a dhath níos fearr na comhrac sráide? Tá an t-ábhar idir chamáin ar bhosca na seachtaine seo…

Barúil ón Bhosca
Close
Close