Cad atá déanta ag Joe McHugh ó ceapadh mar Aire Gaeltachta é?

Cad atá déanta ag Joe McHugh ó ceapadh mar Aire Gaeltachta é?

Bhí go leor conspóide ag baint le ceapachán Joe McHugh mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta an t-am seo anuraidh, siocair nach raibh líofacht sa teanga aige.

Nuair a ceapadh é i mí Iúil an bhliain seo caite, d’fhógair an tAire Stáit go mbeadh sé ag gabháil ar ‘aistear foghlama’ agus thug sé seachtain ar chúrsa Gaeilge i dTír Chonaill chun tús a chur leis an turas sin.

Sin bliain ó shin agus táthar anois a rá go bhfuil feabhas millteanach tagtha ar Ghaeilge an Aire agus é compordach agus breá ábalta a chumarsáid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Ach cad atá bainte amach aige ar mhaithe leis an teanga agus le muintir na Gaeltachta?

Chuala muid an tseachtain seo caite gur cheadaigh an tAire Stáit McHugh os cionn €60,000 do thograí i nGaeltacht Chonamara agus i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Sin ráite tá pobal na Gaeilge go fóill ag rá nach bhfuil an Stát ag déanamh go leor ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge, ach an gcreideann an méid céanna daoine gur bhotún ag an Taoiseach é Joe McHugh a cheapadh mar Aire Stáit na Gaeltachta?

Thug Meon Eile cuairt ar Ghaeltacht Thír Chonaill le labhairt le beirt faoina gcuid tuairimí maidir le Joe McHugh agus bliain istigh aige mar Aire na Gaeltachta…

Joe McHugh
Close
Close