Cad é do mheas ar reifreann na hAlban?

Déardaoin rachfaidh muintir na hAlban i mbun vótála faoina dtodhchaí sa Ríocht Aontaithe.

Is fíorbheagán difríochta atá idir tacaíocht an dá fheachtais, de réir na bpobalbhreitheanna is deireanaí. 97% de dhaonra na hAlban atá cláraithe chun vótála.

Is é féinriail eacnamaíochta, bainistiú acmhainní nádúrtha, córas sláinte poiblí agus oideachas saor in aisce na clocha cainte is mó i measc lucht díospóireachta.

Tá tacaíocht ‘Bu Choir’, an feachtas atá ar son an neamhspleáchais, méadaithe 10% ó thús mhí Lúnasa. B’iad a bhí chun tosaigh i bpobalbhreith de chuid ‘YouGov’ a rinneadh breis is seachtain ó shin.

Tá pobalbhreitheanna na seachtaine seo ag tuar gur le Feachtas ‘Better Together’ a bheas an reifreann.

Labhair Meon Eile le muintir an tuaiscirt faoina mbarúlacha féin i dtaobh an reifrinn agus an tionchar a bheadh aige ar an tuaisceart…

Close
Close