Is beag duine againn nár inis bréag ariamh ina shaol ach, mar a deir an seanfhocal, ‘Is minic a théann an bhréag níos faide ná an fhirínne’.
Ach an bhfuil sé ceart ariamh bréag a insint, fiú más ceann beag é? Nó cad faoi nuair atá tú ag iarraidh tú féin nó duine inteacht eile a chosaint?
Thug Meon Eile cuairt ar Choláiste Bhríde Rann na Feirste agus ar Choláiste Mhuire Loch an Iúir le fáil amach cad é an bhréag is mó a d’inis siad ariamh?