Bums up to Cancer - tacaíocht ó phobal áitiúil

Bhí deireadh seachtaine mór feasachta i leith ailse i gCloch Ceann Fhaola le gairid, le tacaíocht ó EIleen Mc Ginley, a bhfuil ailse potóige uirthi.

Rugadh Eileen in Albain ach tógadh ar an Fhál Carrach i dTír Chonaill í. Is peileadóir den scoth a bhí inti agus d’imir sí le foireann na mban Chloich Ceann Fhaola, chomh maith le foireann na contae. D’fhreastal sí ar an Phobalscoil agus tar éis an tArdteist a dhéanamh, bhog sí ar ais go hAlbain, áit a raibh sí ina haltra obrádlainne.

Tá cónaí ar EIleen in Alban ó shin agus í posta le beirt clainne. Fuair sí amach go raibh ailse potóige uirthi bliain go leith ó shín agus ar an drochuair tá an ailse anois aici sna scamhóga agus ae, agus é gan leigheas.

Chuir EIleen tús le leathanach Facebook darb ainm ‘Bums to Cancer’ nuair a fuair sí amach go raibh ailse uirthi ón chéad lá ariamh. Bíonn blaganna atá scríofa ag EIleen í féin le léamh ar an leathanach agus í ag iarraidh feasacht i leith ailse potaóige agus tacaíocht agus cuidiú a thabhairt do dhaoine atá ag gabháil fríd an rud céanna.

An rud is mo a sheasann amach fá Eileen ná cé go bhfuil sí tinn, tá meon iontach dearfach aici i gcónaí.

Bhuail ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill le hEileen le linn an deireadh seachtaine a bhí acu agus seanfhoireann Eileen ag imirt in éadan fhoireann Chloich Ceann Fhaola ón lá inniu ann.

Bums up to cancer
Close
Close