Buanseasmhacht shealadach, thuaidh agus theas

Dónall Mac Giolla Chóill

Rith sé liom ag deireadh na seachtaine ansin, agus mé ag coimhéad ar na cláir chomórtha don Éirí Amach, go bhfuil – den chéad uair le céad bliain, um Cháisc – Rialtas Sealadach i gceannas in Éirinn.

Agus rialtas sealadach sa dá dhlínse ar an oileán seo, thuaidh agus theas.

Tagann deireadh le sainordú Stór Mhónaigh ag deireadh na míosa agus tá an feachtas toghchánaíochta ar tí bheith faoi lán seoil.

Beidh torradh an toghcháin ó thuaidh súimiúil.

Tá rud amháin cinnte, ní bheidh sé ina phraiseach amháil na 26 Chontae, áit nach bhfuil rialtas buanseasmhach againn, agus nach mbeidh de réir dealraimh go ceann i bhfad.

Is Taoiseach Airíoch é Enda Kenny, agus is Aireachtaí Airíocha iad uile atá ag gníomhú i rialtas an deiscirt, cuid de na hAirí agus gan suíochán Dála acu fiú.

Is LeasChéad Aire é Martin McGuinness a shuígh taobh amuigh den ArdOifig ar an Domhnach.

Tá sé suntasach gurbh é an t-aon duine a shuígh ansin le sainordú faighte aige ón phobal ná Uachtarán na hÉireann, a Shoilse, Micheál D.

Deirim nach mbeidh an phraiseach chéanna ó thuaidh i ndiaidh an olltogacháin is a tharla sa deisceart.

Cén dóigh, arsa tusa, an dtig liom a bheith cinnte?

Simplí, agus chomh simplí seo: tá an córas chomh lochtach sin ó thuaidh nach dtig leis an daonlathas oibriú sa dóigh is ar oibir sé sna 26 Chontae.

Ní daonlathas atá ó thuaidh, ach bréag-dhaonlathas, córas polaitiúil a théann ar aghaidh faoi aghaidh fidil, faoi cur i gcéill gur córas daonlathach é.

Níl freasúracht sna Sé Chontae, ní thig le freasúracht feidhmniú, agus beidh rialtas ann go luath i ndiaidh an toghcháin.

B’fhéidir go mbeadh fanacht orainn le haghaidh clár rialtais, bliain nó mar sin a thóg sé an uair dheireanach orthu theacht ar chlár rialtais a dtiocfadh le gach páirtí aontú air san fheidhmeanas, agus thit an tóin as sin cúpla mí ó shoin nuair a shiúil na hAontachtóirí amach, agus chleacht na hAontachtóirí Daonlathacha [sic] an hócaí cócaí trí dhoras imrothlach an Chomhthionóil Reachtaíochta.

Agus rialtas sealadach ag feidhmniú thuaidh agus theas, agus ardfheachtas toghchánaíochta réidh to tosnú mar is ceart anois sna Sé Chontae, beidh na torthaí teann agus beidh gach vóta á lorg go tréan.

An eagla is mó, déarfainn, atá ar Aontachtóirí den uile thaobh ná go dtiocfaidh an lá (agus maith dom an t-imeartas focal anseo) go mbeidh tromlach na suíochán sa Chomhthionól ag náisiúnaigh/poblachtánaigh, rud atá indéanta go teoiriciúil ar aon nós, agus go mbeadh ról an ChéadAire ag Sinn Féin.

Tromluí amach agus amach do lucht leanúna Foster, Nesbit agus Alister.

Ach bheadh sé suimiúil dá dtarlódh sin, mar ansin ar a laghad thitfeadh an aghaidh fidil agus bheadh an bhréag nochtaithe.

An bhréag nár mhiste le páirtithe ar leith cumhacht a roinnt, a fhad is go bhfuil sé roinnte i bhfabhar pobail amháin thar phobal eile.

Tá rud amháin cinnte agus sóiléir: tá cúpla seachtain mhaith de chúr agus cúiteamh romhainn, ar dhá thaobh na teorann.

Close
Close