Buairt go gciorrófar maoiniú d'Oifigigh Ghaeilge ó thuaidh

Buairt go gciorrófar maoiniú d'Oifigigh Ghaeilge ó thuaidh

Tá buairt ar ghrúpaí pobail i mBéal Feirste go gcaillfidh ar a laghad 3 Oifigeach Forbartha Gaeilge a bpostanna siocair moltaí atá i gcáipéis chomhairliúcháin Fhoras na Gaeilge.

Tá athbhreithniú poiblí á dhéanamh ag an Fhoras ar an Scéim Phobail Gaeilge. 19 Oifigeach Forbartha atá fostaithe faoin Scéim faoi láthair – 11 acu atá lonnaithe sa Tuaisceart, cúigear acu sin i mBéal Feirste.

Moltar i gcáipéis comhairliúcháin na scéime uasmhéid de dhá iarratas a cheadú ó gach contae agus ceantar uirbeach.

Athfhógrófar an scéim ar an bhliain seo chugainn ag bráth ar thorthaí an phróisis chomhairliúcháin.

“Tá buairt ollmhór i measc an phobail faoin athbhreithniú seo. Ní dóigh linn go bhfuil rogha ar bith ann. Tá an chuma air go bhfuil an cinneadh déanta chéanna féin agus nach bhfuil i gceist ach é a cheadú,” arsa Feargal Mac Ionnrachtaigh, Cathaoirleach Ghlór na Móna.

Shéan Clárbhainisteoir Fhoras na Gaeilge, Géaroid Trimble, na líomhaintí go láidir ach d’admhaigh sé go bhfuil leathnú tíreolaíoch na scéime ina mhórsprioc acu.

“Tá an plé seo ag gabháil ar aghaidh le fada, cén bealach gur féidir linn an ciste airgid atá againn a roinnt go cothrom fud fad na hÉireann ar phobal na Gaeilge. Níl ann ach próiseas comhairliúcháin ag an stad seo anois,” a dúirt Géaroid Trimble.

Bronntar deontais na Scéime Pobail Gaeilge gach trí bliana agus ciste trí mhilliún euro lena chaitheamh. Críochnóidh an babhta reatha mí Lúnasa seo chugainn.

Tá próiseas comhairliúcháin na scéime oscailte go dtí 24 Samhain. Ní ghabhann an Foras aon leithscéal ina ndoiciméad comhairliúcháin faoi na hathruithe molta:

“D’aithin Foras na Gaeilge éagothromaíochtaí maidir le rochtain ar mhaoiniú idir cheantair éagsúla… Tá sé mar aidhm ag an athbhreithniú forthleathadh geografach níos fearr a chinntiú ar an maoiniú atá ar fáil.”

Tá cosaint déanta ag Sue Pentel ó Ionad Uíbh Eachach ar lonnaíocht 5 Oifigeach Forbartha i mBéal Feirste.

“Tá a fhios againn go bhfuil cúig Oifigeach Forbartha sa chathair ach amharc ar an infrastruchtúr atá tógtha. Má tá infheistíocht sa bhreis de dhíth le cuidiú le grúpaí eile, gabh ar aghaidh ach ná cur an locht orainne,” ar sise.

Phléigh ionadaíocht ó na grúpaí tuaisceartacha na moltaí atá sa cháipéis chomhairliúcháin leis an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chúilin, níos túisce an tseachtain seo.

Buairt faoin Scéim Phobail Gaeilge

Iarracht teipthe anuraidh leis an Scéim Phobail Gaeilge a athrú

Rinne Foras na Gaeilge iarracht lonnaíocht tíreolaíoch na nOifigeach Gaeilge a athrú anuraidh nuair a bhí iarratas á lorg acu don tréimhse maoinithe Eanáir 2014 go Nollaig 2016.

Lorg an Foras iarratais ó ghrúpaí i 17 contae nár éirigh leo ar an scéim cheana: An Mhí, an Iarmhí, Cill Dara, Cill Chainnigh, Corcaigh, Dún na nGall, Cill Mhantáin, Lú, Fear Manach, an Cabhán, Muineachán, Laois, Liatroim, an Longfort, Ros Comáin agus Uíbh Fhailí.

Rinneadh 34 iarratas maoinithe ar an scéim, ceithre cinn ó na contaetha thuasluaite. Rinne gach ceann de na 19 coiste a raibh Oifigeach Gaeilge fostaithe acu iarratas ar shíneadh maoinithe.

Tar éis dóibh na n-iarratas a scrúdú, chinn Foras na Gaeilge gan leanúint le ‘Scéim Pobail Gaeilge Eanáir 2014 go Nollaig 2016’ ach síneadh bliana a thabhairt do na hOifigigh Fhorbartha reatha.

“Níor tharla na hathruithe a rabhthas ag súil leo i réim gheografach na scéime i dtoradh an phróisis mheasúnaithe ar na hiarratasóirí a fuarthas agus shocraigh Bord Fhoras na Gaeilge ina dhiaidh sin gan aon bhronnadh a dhéanamh faoin mbabhta áirithe seo den scéim.” – Cáipéis Comhairliúcháin an Fhorais.

Scéim Phobail Gaeilge 2011 - 2013
Scéim Phobail Gaeilge 2011 - 2013

An Próiseas Comhairliúcháin

Tá próiseas comhairliúcháin poiblí faoin Scéim Phobail Gaeilge faoi lán seoil fá láthair. Is féidir aighneacht a dhéanamh suas go dtí 24 Samhna.

Reáchtálfar ceithre fhócas grúpa faoin scéim sa choicís amach anseo:

  • 18 Samhna: Caiseal, Tiobráid Árainn
  • 20 Samhna: Béal Feirste
  • 25 Samhna: Baile Átha Luan
  • 26 Samhna: Baile Átha Cliath

Tuigtear do Meon Eile go bhfuil Séamus Daltún ceaptha ina Éascaitheoir Neamhspleách ar an phróiseas comhairliúcháin.

Iarrfar air tuairiscí a chur os comhair Bhord an Fhorais mí Eanáir seo chugainn le torthaí an phróisis chomhairliúcháin.

“Pléfidh an Bord torthaí na tuairisce ag a gcruinniú i mí Eanáir. Bunaithe air sin, is faoin Bhord atá sé cinneadh a dhéanamh cén uair a bhéas scéim úr a fhógairt,” arsa Gearóid Trimble, Clárbhainisteoir an Fhorais.

Close
Close