Bua an Cheoil - Saidhbhe Ní Chuilinn

An tseachtain seo ar ‘Bua an Cheoil’ tá ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill i mBaile Átha Cliath ag labhairt leis an cheoltóir óg Saidhbhe Ní Chuilinn.

Is as Tulach Mhór i gContae Uíbh Fhailí í Saidhbhe agus is í an darna duine is sine den cheathrar clainne le Dave agus Camilla Uí Chuilinn.

Bhí an ceol i gcónaí thart ar Shaidhbhe agus a cuid deirfiúracha Brónagh, Muireann agus Beibhinn agus iad ag fás aníos. Ceoltóir é a hathair a spreag a chuid paistí leis an ghrá agus an meas céanna a bheith acu ar an cheol agus a bhí aige féin.

Ag labhairt faoina cuid laochra ceoil, dúirt Saidhbhe gur d’éist sí leis The Dubliners agus Leonard Cohen agus í ag fás aníos, siocair go raibh dúil mhór ag a hathair sa chineál sin ceoil ach tá suim aici i gceol nuaaimseartha fosta mar Mumford & Sons agus Ed Sheeren.

Tá Saidhbhe ag freastal ar Choláiste Lurgan ó bhí sí ar an mheánscoil, coláiste samhraidh ar ndóigh a bhfuil clú agus cáil air mar gheall ar chur chun cinn an cheoil i measc an aosa óig. Déanann Saidhbhe an turas sin go hIndreabhán achan bhliain agus í ag obair mar chúntóir ranga anois.

Ar an drochuair fuair a seanmháthair bás i mí Éanair, rud a bhuail an teaglach go trom. Nuair a d’fhreastail sí ar ais ar Choláiste Lurgan, chum sí amhrán galánta in ómós di, ‘Taibhsaí i mo cheann’, amhrán atá á cheol aici san fhíséan thíos.

Bua Cheoil - Saidhbhe Ní Chuilinn

Ta cónaí ar Shaidhbhe anois i gContae Chorcaí agus í ag freastal ar Choláiste na hOllscoile.

Tá sí ag déanamh staidéir ar cheol agus siceolaíocht agus tá sé ar intinn aici an dá rud a nascadh le chéile mar shlí bheatha amach anseo agus í ag iarraidh teiripe cheoil a dhéanamh chun cuidiú le paistí atá faoi mhíchumas nó daoine a gortaíodh go dona i dtimpistí bóthair.

Close
Close