Bua an Cheoil - Maedhbh Nic Aindreasa

An tseachtain seo ar ‘Bua an Cheoil’ tá muid i nDoire Cholmcille i mbun cómhra leis an amhranaí óg Maedhbh Nic Aindreasa.

Is as Béal Feirste ó dhúchais í Maedhbh ach cónaí uirthi anois i nDoire, áit ina bhfuil sí ag freastal ar Ollscoil Uladh ag déanamh staidéir ar theanga agus litríochta na Gaeilge.

Tá Maedhbh i mbun amhránaíochta ó bhí sí ina girseach óg. Is cuimhin léi a bheith ina suí ar ghlúin a seanathar agus é ag foghlaim amhráin di. “Is é mo dhaideo an duine is mo a spreag mé i dtreo an cheoil, is é an ceol an nasc a bhí eadrainn,” ar sise.

Ag fás aníos ba í Meadhbh an duine a piocadh i gcónaí le ceol ag ceolchoirm na scoile agus sin an chéad uair ar thuig sí go raibh bua an cheoil aici, rud atá le léiriú sa leagan galánta den amhrán ‘Bríd Óg Ní Mhaille’ atá san fhíseán thíos.

Sular thoisigh sí ar an ollscoil bhí Maedhbh ag déanamh go leor gigeanna, ag ceol ar fud na tíre agus níos faide i gcéin arís, sa Bhreatain Bheag agus fiú leis an bhuíon mhór ‘Bréag’. Ach tá sí dírithe ar a cuid oibre ollscoile faoi láthair agus í ag iarraidh bheith ina múinteoir scoile.

Níl dabht ar bith ann go mbeidh muid ag cluinstin níos mo faoin ghirseach seo sna blianta amach romhainn agus go mbeidh sí ag spreagadh na nglúnta atá le teacht mar mhúinteoir scoile.

Bua an Cheoil - Maedhbh Nic Aindearsa
Close
Close