Bua an Cheoil - Aodán Ó Ceallaigh

‘Bua an cheoil’ deireanach don bhliain agus tá Seán Ó Baoill i gcuideachta duine atá tar éis dul chun cinn mór a dhéanamh i saol an tsean-nóis le blianta beaga anuas, mar atá Aodán Ó Ceallaigh ó Rinn Ua gCuanach

Rugadh agus tógadh Aodán sa Rinn, ceantar Gaeltachta agus ceantar a bhfuil clú na hamhránaíochta air. Mar a deir Aodán féin, tá idir iascaireacht agus amhranaíocht san fhuil acu agus tá a gcuid amhrán féin cumtha ag teaglaigh áirithe, clann Uí Cheallaigh ina measc.

Bhí an amhranaíocht ar an seán-nós i gcónaí thart ar Aodán ag é ag fás aníos agus ceol ag a athair Pádraigh Ó Ceallaigh agus ag a mháthair Áine Uí Cheallaigh, a bhfuil Corn Uí Riada buaite faoi dhó aici.

Tá deirfiúr amháin, Laoise, agus beirt dearthair, Irial agus Conall, ag Aodán agus dúil mhór agus bua acu uilig sa cheol.

Bíonn Conall ag bualadh ar an chonsairtín agus is amhránaithe den scoth iad Laoise agus Irial beirt – níl dabht ar bith go mbíonn Nollaig bhreá cheolmhar i dteach s’acu.

Tá Aodán ag teagasc i Scoil Lorcáin, Baile Átha Cliath, le cuig bliana anuas agus tá a chroí istigh ann.

Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach dó go mbíonn sé anois ag spreagadh an chéad ghlúin eile chuig an cheol agus an amhránaíocht ach go háirithe, páirt luachmhar dá gcultúr agus dá n-oidhreacht.

Nuair nach bhfuil sé ag teagasc sa scoil, bíonn sé gnóthach ag múineadh ranganna ceoil do dhéagóirí na príomhchathrach. Bíonn sé ag iarraidh an ceol a thabhairt isteach ina saol an oiread agus is féidir.

Ag caint dó ar cad atá amach roimhe mar amhránaí sean-nóis, dúirt Aodán gur mór an ónóir a bheadh ann Corn Uí Riada a bhuachan, díreach cosúil lena mháthair féin, ach don nóiméad tá sé breá sásta go bhfeasaíonn a chuid daltaí féin.

Leanfaidh sé leis ag foghlaim leagancha éagsúla d’amhráin nua agus cuirfidh sé chuige go mbeadh tuilleadh aitheantais ag an sean-nós i gcoitinne, rud dar leis atá tuillte go maith ag an traidisiún.

Bua an Cheoil - Aodán Ó Ceallaigh
Close
Close