Breithlá Líofa

Tá bliain iomlán caite anois ó seoladh Líofa agus is cinnte gur cúis cheiliúrtha atá ann.

An sprioc a bhí leis an fheachtas nuair a bunaíodh Líofa ná 1,000 duine a chlárú le líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach faoin bhliain 2015 agus an teanga a spreagadh agus a chur chun cinn. Tá an sprioc seo bainte amach acu anois agus tá an Ghaeilge ag fás agus ag forbairt. Bhunaigh an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Caral Ní Chuilín, Líofa, bliain ó shin agus tá sí féin ag foghlaim na Gaeilge chomh maith.

Táthar ag súil anois go mbeidh 5,000 duine líofa faoin bhliain 2015.

Bhí Sarah de Búrca i láthair don cheiliúradh ar bhreithlá Líofa agus bhí neart ar siúl.

Breithlá Líofa / Sarah de Búrca
Close
Close