Bród - Neart déanta, tuilleadh le déanamh

Danny Brown

Bród.

Sin focal a ghlac an pobal aerach ar fud na cruinne chucu féin.

Tá sé le feiceáil ar bhratacha, ar shuaitheantais agus ar t-léinte agus bíonn féile ag beagnach achan tír sa domhan faoin ainm céanna.

Tá cúis bróid as cuimse tuillte anois ag an phobal aerach sa tír seo i ndiaidh an reifrinn is déanaí ag deireadh na seachtaine seo a chuaigh thart.

Tháinig níos mó ná milliún daoine amach le vóta a chaitheamh ar son cearta pósta a thabhairt do dhaoine aeracha agus athraíodh an tsochaí ina bhfuil muid beo dá bharr.

Ar ndóigh, ní raibh sa reifreann ach ceann scríbe ghné amháin d’fheachtas atá ag dul ar aghaidh ar feadh fada go leor, ach comhartha maith atá ann go bhfuil daoine aeracha anois ábalta bheith ag brath ar thacaíocht ó chuid mhaith de mhuintir na hÉireann lena gcuid éileamh a bhaint amach.

Ní raibh sé mar sin i gcónaí, áfach.

Ní raibh mórán tacaíochta ag Oscar Wilde nuair a cuireadh i bpríosún Reading é de thairbhe é bheith aerach.

Rinne go leor de lucht tacaíochta Ghluaiseacht na Poblachta achan iarracht gnéasacht Roger Casement a shéanadh síos fríd na blianta cé gur ceannródaí idirnáisiúnta in earnáil chearta daonna i Meiriceá Theas agus san Afraic a bhí ann, agus gur eisean a bhí ag iarraidh gunnaí agus armlón a thabhairt isteach sa tír d’Éirí Amach na Cásca.

Níl mórán iomrá air go fóill sna meáin agus muid ag tarraingt ar cheiliúradh chéad bliain an Éirí Amach chéanna.

B’fhéidir go bhfaigheadh sé an t-aitheantas atá i ndán dó anois, i ndiaidh an reifrinn.

Ar ndóigh, glacadh le daoine áirithe a bhí aerach.

Níor cheil Mícheál Mac Liammóir agus Hilton Edwards, na drámadóirí clúiteacha, an caidreamh a bhí acu riamh, ach b’eisceachtaí iad agus d’fhulaing go leor daoine aeracha ag an am céanna.

Is iomaí duine a d’fhág Éire cionn is gur thuig siad nach raibh áit ar bith sa tír a mbeadh siad ábalta bheith beo leis an stíl bheatha a bhí acu.

Agus bhí go leor fadhbanna ag na daoine a d’fhan.

Ceann na de híomhánna a chuaigh go mór i bhfeidhm orm féin nuair a fógraíodh torthaí an reifrinn ná suíochán ag Páirc Fhionnradhairc i mBaile Átha Cliath agus é feistithe le suaitheantais ‘TÁ Comhionannas’.

Ba sa pháirc sin a maraíodh Declan Flynn, fear aerach, in 1982.

Bhíodh an pháirc á húsáid ag an phobal aerach sa chathair mar áit ina dtiocfadh leo bualadh le chéile.

Bliain ina dhiaidh, fuarthas cúigear déagóir ciontach as dúnorgain agus scaoileadh saor iad.

As an chinneadh sin a tharla an chéad mhórshiúl “Bród” i mBaile Átha Cliath.

Bhí daoine eile, ar nós David Norris ag obair ar chúrsaí dlí i rith an ama fosta.

Ghlac sé cás in éadan an stáit fríd na cúirteanna, ag maíomh go raibh an stát ag diúltú aitheantas a thabhairt dá chearta daonna mar fhear aerach.

Theip air in achan chúirt in Éirinn agus bhí aige le dul fhad leis an Eoraip sula bhfuair sé toradh ar a chuid oibre.

I ndiaidh tacaíocht a fháil dá chás ansin, bhí sé i láthair mar Sheanadóir nuair a cuireadh deireadh leis na dlíthe in éadan homaighnéasachais.

Níor leor sin don phobal aerach áfach agus lean siad leo ag iarraidh aitheantais, ní dá ngnéasacht, ach do na caidrimh a bhí acu agus, in 2010, cuireadh tús le scéim páirtnéireachta shibhialta.

Shásaigh sin cuid den phobal aerach ach bhí go leor acu a bhí ag iarraidh an aitheantais chéanna a bhí ag daoine heitrighnéasacha.

Bhain siad sin amach sa reifreann Dé hAoine.

Ach tá scála go fóill ar an phobal aerach in Éirinn.

Cé gur bhain siad aitheantas dá gcearta sna 26 contae sa reifreann, níl aitheantas ar bith do chaidrimh idir daoine aeracha sna Sé Chontae agus goilleann sé sin ar na grúpaí díograiseacha a d’obair chomh crua céanna lena gcomhghleacaithe ar an taobh eile den teorainn ach nár bhain na cearta céanna amach dóibh féin.

Tá deacrachtaí dá gcuid féin ag an phobal aerach ó thuaidh de thairbhe an smachta atá ag na páirtithe Aontachtacha ar chúrsaí polaitíochta ansin agus an dearcadh coimeádach atá acu ar an cheist seo.

Ach fuair siad tógáil mhillteanach croí ó thoradh an reifrinn ó dheas agus tá feachtas úrnua curtha ar bun acu anois le haitheantas a fháil dóibh féin.

Ní hionann aitheantas ar chaidrimh a bhaint amach agus saoirse iomlán a bheith agat, ar ndóigh, agus tá deacrachtaí go fóill ag daoine aeracha sa phobal mhór thart orthu.

Mar shampla, is téarma maslach é ‘gay’ go fóill ag cuid mhaith daoine óga agus léiríonn sé sin go bhfuil fadhbanna le réiteach ó thaobh dearcthaí mar seo a athrú.

Ach tá rud amháin acu a chuideoidh leo sna troideanna atá rompu.

Ba chóir go mbeadh sé orainn uilig agus muid ag amharc siar ar thoradh an reifrinn.

Bród.

Close
Close