Bosca - Trump nó Clinton?

Tá cúrsaí ag éirí níos teasaí arís sa rás uachtaránachta thall i SAM.

Bhí dhá dhíospóireacht idir Clinton agus Trump go dtí seo agus is iomaí deis a bheireann na díospóireachtaí don bheirt labhairt faoi líomhaintí atá déanta i gcoinne a chéile.

Ábhar mór cainte na díospóireachta is deireanaí ná ‘Locker Room Talk’ Trump, mar a bheireann sé féin air.

Eisíodh físeán thar an deireadh seachtaine agus Donald Trump le cloisteáil ann ag maíomh os cionn 10 mbliana ó shin go dtiocfadh leis a rogha ruda a dhéanamh le mná mar gur réalta a bhí ann.

Chuir a fhocail gháirsiúla faoi mhná déistin ar dhaoine timpeall na cruinne.

Ghabh Trump a leithscéal ag rá nach léiríonn na barúlacha sin an saghas duine atá ann.

Ní hé seo an chéad uair ar ndóigh go ndearna Trump maslú ar sciar den phobal ach tá sé san iomaíocht go fóill do cheann de na poist is tábhachtach ar domhan.

An cheist atá againn ná cé acu a mbeas an bua ar 8 Samhain, Trump nó Clinton?

Bosca - Trump nó Clinton?
Close
Close