"Bilingua" le hEithne Ní Uallacháin seolta go hoifigiúil

"Bilingua" le hEithne Ní Uallacháin seolta go hoifigiúil

Cailleadh Eithne Ní Uallacháin go tragóideach i mí Bealtaine 1999, ach léirigh ócáid san Odessa Club i mBaile Átha Cliath le gairid go bhfuil a glór agus a cuid ceoil chomh hábhartha is a bhí riamh.

Ba é Fintan Vallely a sheol an dlúthdhiosca úr, Bilingua, atá eisithe ar Gael Linn, os comhair slua mór de chlann agus cairde an amhránaí.

Tá an t-albam curtha le chéile d’ábhar a raibh Eithne ag obair air sna nóchaidí, idir amhráin nua-chumtha agus leaganacha d’amhráin aitheanta.

D’fhreastal Meon Eile ar an seoladh agus labhair muid le Dónal, mac Eithne, a bhí mar léiritheoir ar an albam faoin cheol agus faoina chuimhní ar an amhránaí draochtúil.

"Bilingua" le hEithne Ní Uallacháin seolta go hoifigiúl ag Gael Linn

Ba é Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, a bhí mar fhear an tí don oíche, agus dúirt sé: “Sílim gurb é an rud is suntasaí faoin albam seo ná cé chomh nua-aimseartha is atá sé. Tá sé ar nós gur inné a bhíodar sa stiúideo. Tá sé úr te bruite, agus beidh daoine ag cur dúil ann as an rud féin – níl aon fhéachaint siar nó aon rud mar sin, is ábhar ceiliúrtha atá ann, go raibh réalt chomh hiontach sin againn, agus gur bhain sí amach an caighdeán sin ina saothar”.

I ndiaidh an ghnó oifigiúil, rinne muintir Uí hUallacháin agus Uí Chonchubhair agus a chairde cuimhní Eithne a cheiliúradh le ceol agus le hamhráin.

Bilingua ar fáil go forleathan anois, agus is féidir é a cheannach ar líne ar shuíomh Gael Linn nó ar shuíomh Eithne Ní Uallacháin.

Close
Close