Barúil ón Bhosca - ceist an chorpoideachais

Tá ceist an chorpoideachais faoi scrúdú againn ar bhosca na seachtaine seo i bhfianaise taighde ó Fhoras Croí na hÉireann agus SafeFood EU nárbh ionann an cúram a thugann muintir na hÉireann dár gcollainn agus a bhíodh á thabhairt againn na cianta siar.

Ó 1990 tá méadú faoi hocht tagtha ar rómheáchan i measc buachaillí sna déaga agus méadú faoi dhó ar rómhéachan na gcailíní, de réir Fhoras Croí na hÉireann. Siúlann 25% páistí chun na scoile achan lá; figiúir ata laghdaithe ó 50% thiar i 1981.

Treocht amhlaidh a shonraítear i measc an mhórdhaonra, agus é tuartha ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go mbeidh muintir na hÉireann ar na ndaoine is troime san Eoraip faoi 2030.

Cá háit a bhfuil réiteach na faidhbe nó cén áit ar féidir bonn a chur faoi? Cé nár síolraíodh an fhadhb seo sa chóras oideachais, d’fhiosraigh muid an méid atá á dhéanamh i dtaca le cláracha corpoideachais sna scoileanna…

Barúil ón Bhosca - Níos mó am do corp oideachas sa scoil?
Close
Close