Barúil ón Bhocsa - Ar cheart deonú orgáin a bheith éigeantach?

Ar fud na hÉireann tá méadú ag teacht ar liostaí feithimh trasphlandaithe. Dá oiread daoine atá ag fanacht le trasphlandú, is amhlaidh is mó deontóirí orgán atá de dhíth.

Tá breis agus 650 duine ar an liosta feithimh ó dheas agus breis agus 200 sna Sé Chontae.

Tá sé ráite go bhfaigheann 15 duine bás ag fanacht ar thrasphlandú ó thuaidh achan bhliain.

Tá feachtasóirí ar nós Joe Brolly ag éileamh athruithe sa dlí, a mhaíonn siad go gcuirfeadh le líon na ndeontóirí orgáin.

Trí bliana ó shin bhronn Joe a dhuán ar a chomhghleacaí cumainn Shane Finnegan, a raibh trasphlandú de dhíobháil air. Ach cé gur theip ar an obráid tá Joe agus Shane ag feachtasaíocht leo ó shin le haird a dhíriú ar dheonú orgáin.

Tá an MLA Jo-Anne Dobson ag obair ar son an cúise i Stormont fosta. Chaith sí breis agus trí bliana ag obair ar bhille dírithe ar an reachtaíocht sna Sé Chontae a athrú maidir le deonú orgáin.

Bhí sí ag iarraidh go mbeadh córas ‘soft opt out’ ar fáil in áit córas ‘opt in’ mar atá faoi láthair. Tá sin le rá go mbeidh sé intuigthe go mbeidh achan duine sásta a bheith ina dheontóir, agus iad súid nach bhfuil sásta bheadh orthu a ainm a bhaint den liosta. Go fóill bheadh an focal deiridh ag an teaghlach.

Bhí díomá ar Jo-Ann Dobson nuair a théip ar an bhille i mí Eanáir. Cé nár glacadh le córas ‘Opt Out’ a thabhairt isteach sna Sé Chontae, gheall Stormont gur cheart díriú ar oideachas níos fearr a chur ar fáil don phobal agus feasacht a spreagadh.

Ach cad é bhur mbarúil faoi? Ar chóir go mbeidh córas ‘Soft Opt Out’ ann? Ar chóir go mbeadh an focal deiridh ag an teaghlach i gcónaí? An bhfuil muid oilte go leor ar an ábhar?

Labhair muid le beirt faoina dtuairimí ar dheonú orgáin…

Barúil ón Bhosca
Close
Close