Barúil ón Bhosca - Tatúnna

Innu ar Bhosca Meon Eile tá muid ag plé tatúnna.

Leis na céadta anuas tá athrú tagtha ar an nós agus an traidisiún a bhaineann le tatúnna fud fad an domhain.

San am a chuaigh thart bhí tatúnna mar pháirt de chultúr mhuintir na sean-Éigipte, Rómhánaigh agus muintir na Gréige.

B’iad coirpigh agus sclábhaithe an t-aon mhuintir a bhí tatúnna orthu sa tsochaí Rómhánach, ach ar an lámh eile bhí tatúnna mar chuid lárnach de chúltúr agus de fhéiniúlacht threibheanna Mheiriceá Theas.

Sa lá atá inniu tá sé faiseanta tatú a bheith ort, agus is beag duine nach bhfuil ceann orthu. Tá siopaí tatúnna ar fáil fud fad na háite agus thig leat dearadh ar bith a fháil ar do chorp, áit ar bith ar do chorp!

Bíonn daoine áirithe spreagtha ag a gcuid laochra ar nós David Beckham, Rihanna agus fiú Reese Witherspoon.

Tá tatú i nGaeilge ag an cheoltóir Ed Sheeran a léigheann “nuair is gá dom fháil bhaile, is tú mo réalt eolais”… Bhí sé mar aidhm aige na liricí “when I need to get home, you’re my guiding light” a aistriú go Gaeilge… ach is léir nár éirigh leis..do bharúil..?

Mar sin déan do mhacnamh sula dtógann tú cinneadh tatú a fháil, mar tá sé costasach agus pianmhar fáil réidh leo.

Seo thíos tuairimí Sara Ní Churráin agus Feargal Ó Raifeartaigh ar thatúnna…

tatú
Close
Close