Barúil ón Bhosca - Cleachtas fiúntach nó fuílleach oibre?

Deirtear go bhfuil obair bhaile lárnach i bhforbairt foghlama an dalta agus gur gá tacú le hobair ranga trí chleachtadh foghlama a dhéanamh sa bhaile.

Deirtear fosta go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh páistí gníomhach i mbun foghlamtha lena gcuid dtuismitheoirí, ionas go mbeidh a fhios acu cad atá a dhéanamh acu agus cad é mar atá ag éirí leo ar scoil.

Sin ráite aithnítear go bhfuil gá le cothromaíocht i saol an dalta idir obair scoile, obair bhaile, caithimh aimsire agus am saor, ach mar sin de an bhfuil muid ag cur barraíocht béime ar obair bhaile agus barraíocht brú ar pháistí an lae inniu?

Nach bhfuil na páistí ag foghlaim go leor i rith an lae ar scoil?

Chuir muid muinteoir scoile agus tuismitheoir ar bhosca Meon Eile le fáil amach cén bharúil a bhí acu ar obair bhaile – an cleachtas fiúntach nó fuílleach oibre é?

Barúil ón Bosca - Cleachtas Fiúntach nó Obair Fhuíollach
Close
Close