Lenár saith pancóga ite againn ó bhí inné ann, tá cuid againn ag cur tús leis an Charghas inniu.
Tá sé seachtaine amach rompu siúd a bhfuil an Carghas á dhéanamh acu.
Beidh cuid acu ag gealladh éirí as drochnósanna nó só-earraí nó b’fhéidir go mbeadh cuid daoine ag iarraidh a bheith níos cineálta agus carthanaí.
Ach cén fáth a ndéanann daoine an Carghas?
Is nós agus traidisún atá ag Críostaithe é le comóradh a dhéanamh ar Íosa, a chaith an tréimhse chéanna gan aon bhia ná uisce agus é ag troscadh san fhásach.
An bhfuil muid go fóill chomh naofa is a bhí? An nglacann muid le nósanna na hEaglaise mar a rinne roimhe?
Labhair Meon Eile le beirt duine óg le fáil amach an mbeidh siad ag déanamh an Charghais i mbliana agus lena gcuid tuairimí a chluinstin faoin traidisiún go ginearálta.