Barúil ón Bhosca – 'Tinder' na Gaeilge

Inniu ar ‘Barúil ón Bhosca’ tá muid ag caint faoi chúrsaí cleamhnais.

Is mór an t-athrú atá tagtha ar nósanna cleamhnais thíos tríd na glúnta. Le deich mbliana anuas tá níos mó agus níos mó daoine ag bualadh lena chéile ar líne ar shuíomhanna agus aipeanna.

Ceann amháin acu seo a bhfuil go leor cainte air faoi láthair ná an aip ‘Tinder’. Aip cleamhnais atá ann a bhfuil tú ábalta a íoslódáil ar d’fhón cliste. Bíonn próifíl ag achan duine agus grianghraif. Nuair atá sin déanta agat tá tú in ann dul trí phróifíleacha daoine atá is cóngarach duit. Níl cead agat teagmháil a dhéanamh le daoine ach amháin má deireann sibh beirt go bhfuil suim agaibh ina chéile.

Tá daoine ag moladh an aip go mór siocair go bhfuil sé gasta, tá sé gan stró agus ní gá duit labhairt le daoine nach bhfuil suim agat iontu. Ach ar an taobh eile de tá daoine eile ann a deireann nach bhfuil sé nádúrtha, go mbíonn sé bunaithe ar an chuma atá ar dhaoine agus b’fhearr i bhfad bualadh le daoine san fhíorshaol agus aithne níos fearr a chur orthu, mar ansin tá a fhios agat go díreach cé a bhfuil tú ag caint leo.

Ach cad é faoina mhacasamhail aip cosúil le ‘Tinder’ do Ghaeiligeoirí amháin? An mbeadh maitheas ar bith ann dóibh siúd atá ag iarraidh grá a aimsiú i nGaeilge? An gcuideodh sé leis an teanga a choinneáil slán? Ar son na cúise agus babaithe Gaelacha?

Chuir muid ceist ar thriúr stócach óg faoina gcuid tuairim faoina mhacasamhail.

Close
Close